Táimid ag earcú!
Post Eagarthóireachta (Video Editor)
Tá Meangadh Fíbín, comhlacht léiriúcháin Teilifíse atá bunaithe i gConamara, ag lorg iarratais ar phost mar Eagarthóir, ar bhonn lánaimseartha.
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil suim acu sa scéalaíocht chruthaitheach agus ar mhaith leo a bheith ag obair i dtimpeallacht oibre chruthaitheach agus chomhoibríoch.
Príomhscileanna:
– Ard-Dioplóma sa Teilifís agus Léiriú na Meán nó a choibhéis
– Eolas agus taithí ar chórais eagrúcháin agus a gcuid feidhmeanna m.sh Avid, Adobe Premiere Pro agus Final Cut Pro X.
– Is buntáiste é eolas a bheith agat ar sheachadadh clár chuig craoltóirí agus a bheith ábalta grádú
– Ábalta treoracha a thógáil agus tascanna a chomhlíonadh ar bhealach proifisiúnta
– Ábalta obair ó do stuaim féin ach ábalta obair mar pháirt d’fhoireann le scileanna maithe idirphearsanta
– Ní mór a bheith eagraithe agus cruinn
– Ábalta scéalta a insint le pictiúir
– Spéis agus díocas foghlama thar a bheith tábhachtach
– Ní mór leibhéal Gaeilge sásúil a bheith ag an iarrthóir
Seol CV agus litir chlúdaigh chuig bernie@fibinmedia.ie
Sprioc: 7 Eanáir