{:ga}Tá Fíbín ar ais le seó nua do pháistí bunscoile – Jeramaí, Hartleby agus OoogleMór{:}{:en}Fíbín are back with a new show for primary school children – Jeramaí, Hartleby and OoogleMór{:}

{:ga}Tugann an seó is déanaí seo ó Fíbín gach mothúchán le chéile a bhraith tú riamh mar pháiste agus tú ag caitheamh lá cois trá. Tá sé díreach ar nós tuáille mór deas te teolaí a fháisceadh timpeall ort féin tar éis a bheith ag snámh san fharraige fhuar. Seó é do lucht féachana ag gach aois – ó naíonáin go dtí a seanmhuintir. Ní labhraítear ach trí fhocal le linn an seó agus is meabhrúchán maith dúinn é seo ar a laghad cumarsáid is gá a dhéanamh chun go dtiocfaidh na mothúcháin is casta amach. Cluiche áthasach atá ann le lucht féachana.
Tá Jeramaí, Hartleby agus OoogleMór cois trá. Tá go leor ag tarlú – caitheann Hartleby go leor ama ag tabhairt orduithe agus é ag iarraidh an áit is fearr ar an trá a aimsiú. Tosaíonn OoogleMór ag damhsa agus ag déanamh gaisce ach buaileann sé an liathróid go róchrua, cailleann sé é agus milleann sé an cluiche. Imíonn Hartleby leis agus é crosta. Cuireann Jeramaí gach rud ina cheart arís.
Baineann Jeramaí, Hartleby agus OoogleMór sásamh agus só as a soineantacht álainn agus as a n-amaideacht aoibhinn féin. Tagann an triúr seo le chéile agus neart le rá acu ach gan ach trí fhocal acu lena rá.
Tá an seó feiliúnach do pháistí idir 4-8 mbliana d’aois agus mairfidh sé 50 nóiméad.
Ionaid agus Dátaí 2018
- 20 & 21 Meán Fómhair: 10.30r.n & 12i.n – Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe – Ticéid ó Fíbín: eolasfibin@gmail.com / 091 505855
- 25 Meán Fómhair: 10.30r.n & 12i.n – Mullingar Arts Centre, Mullingar, Co. Westmeath
- 1 Deireadh Fómhair: 10.30r.n & 12i.n – VISUAL Carlow,Ceatharlach – Guth: (059) 917 2400
- 4 Deireadh Fómhair: 10.30r.n & 12i.n – Ionad na nGleannta, Cluainín, Contae Liatroma
- 6 Deireadh Fómhair: 2i.n – Féile Wainfest, Amharclann Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
- 9 & 10 Deireadh Fómhair: 11r.n & 7i.n – Belltable, Luimneach mar chuid d’Fhéile Bualadh Bos 2018
- 12 Deireadh Fómhair: 10.30r.n & 12i.n – Axis, Baile Átha Cliath
Tá Fíbín agus an criú uile ag súil go mór le fáite a chur romhaibh chuig ár seónna le linn na camchuairte.{:}{:en}This latest show from Fíbín brings together every feeling you ever felt as a child distilled into a day by the seaside.
It’s like being wrapped in a warm, fluffy towel after a cold, salty swim. It’s a show for all ages – from toddlers to their grandparents. With only three words ever spoken, it’s a reminder of how little we need to communicate the most complicated emotions. It’s a joyful game with an audience.
Jeramaí, Hartleby and OoogleMór are at the seaside. Things happen – Hartleby spends a lot of time being bossy and trying to find the perfect spot. OoogleMór does some crazy dancing, shows off a bit, hits the shuttlecock too hard, loses it, spoils the game. Hartleby goes off in a huff. Jeramaí makes it all OK.
Revelling in delightful innocence and glorious stupidity, Jeramaí, Hartleby and OoogleMór, is a surprising and surreal encounter with three people who have a lot to say but only three words with which to say it.
The show is suitable for kids aged 4-8 and is 50 mins in duration.
Venues & Dates 2018
- 20 & 21 September: 10.30am & 12pm – Seanscoil Sailearna, Inverin, Co. Galway – Tickets available from Fíbín: eolasfibin@gmail.com / 091 505855
- 25 September: 10.30am & 12ipm – Mullingar Arts Centre, Mullingar, Co. Westmeath
- 1 October: 10.30am & 12pm – VISUAL Carlow, Carlow – Phone: (059) 917 2400
- 4 October: 10.30am & 12pm – The Glens Centre, Manorhamilton, Co. Leitrim
- 6 October: 2pm – Féile Wainfest, Amharclann Ghaoth Dobhair, Co. Donegal
- 9 & 10 October: 11am & 7pm – Belltable, Limerick as part of Bualadh Bos Kids Festival
- 12 October: 10.30am & 12pm – Axis, Dublin
Fíbín and all the crew are looking forward to welcoming you to our shows throughout the tour. {:}