Eolas
Le linn na paindéime, d’athraigh muid ar fad uainn an gliondar a bhaineann le siamsaíocht bheo. Bhí áthas ar Fíbín i gcomhpháirtíocht leis an Taibhdhearc, siamsaíocht bheo a bhí sábháilte ó thaobh srianta COVID a chur ar fáil tré “Drive in Dráma” a chur ar siúl.
Dráma é Fiach a thug an lucht féachana ar aistear grinn drámaíochta agus iontais. Faoi gheasa ag drámaíocht na scannánaíochta agus ag dlúthchaidreamh an dráma raidió, b’éacht é a d’inis scéal faoi Gharda reibiliúnach sa tóir ar mhaistín áitiúil agus leanann isteach sa Domhan Thíos é.
Ba é Fiach an chéad dráma “drive in” as Gaeilge in Éirinn agus dhíol sé amach deich seó i mí Lúnasa 2020. Ba mhaith le Fíbín aitheantas a thabhairt do thacaíocht leanúnach Ealaín naGaeltachta, Foras na Gaeilge agus an Chomhairle Ealaíon agus Fiach á stáitsiú.