T: 091 505855

Fíbín Media: eolas@fibinmedia.com

14

October

Eolas

Is iontach an taispeántas amharclannaíochta é Cogadh na Saoirse, léiriú spleodrach amuigh faoin aer a chuirfidh faoi gheasa tú. Tabharfar ar ais céad bliain tú don tréimhse achrannach seo i stair na hÉireann ar bhealach a rachaidh go croí ionat.

 

Feicfear Michael, carachtar de chuid Cathleen Ní Houlihan, ag troid ar son shaoirse na hÉireann. Téigh ar aistear leis agus cuirfear colúin reatha, na Dúchrónaigh, an teach mór agus an teach tuaithe os do chomhair; ó chrá croí na coimhlinte go hidirbheartaíocht conartha i Londain. Léiriú spleodrach, amuigh faoin aer is ea Cogadh na Saoirse leis an gcompántas iomráiteach Fíbín. Tabharfar blaiseadh réadúil duit ar Chogadh na Saoirse. Beidh cuid den aicsean agat agus tú ag fáil léargas úr ar an tionchar a bhí ag an gcogadh orainn mar thír.

 

Chruthaigh an scríbhneoir/ stiúrthóir Philip Doherty léiriú amharclannaíochta tarraingteach iontach eile amuigh faoin aer. Tá idir ghreann, bhrón, agus chrá croí le brath ann agus stíl fhísiúil, ildánach Fíbín le brath go láidir ann freisin. Agus tírdhreach Chonamara mar chúlra taibhseach ann mar aon le cliar chomhriartha mhór, cuirfidh Cogadh na Saoirse i saol samhalta Mhichael tú. Tabharfar deis duit leanúint air agus é i mbun idirbheartaíochta i stair na tíre. Bí ag súil le greann ilsiamsa, méaldráma, balbhscannán, nuachtscannáin, puipéadóireacht, drumadóireacht, ceol & damhsa traidisiúnta, ceoldráma agus go leor eile. Léiriú nár cheart a chailleadh is ea Cogadh na Saoirse.

 

Ba é Cogadh na Saoirse an léiriú ba mhó amuigh faoin aer a rinneadh riamh in Éirinn, agus dhíol sé amach i mí Lúnasa 2021. Ba mhaith le Fíbín aitheantas a thabhairt do thacaíocht leanúnach Ealaín na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus an Chomhairle Ealaíon agus Cogadh na Saoirse á stáitsiú.

Cliar

Stiúrtha ag Philip Doherty

Scríofa ag Philip Doherty

 

Léiritheoir

Darach Ó Tuairisg

 

 

Aisteoirí

Julie Feeney

Siobhán O’Kelly

Seán T Ó’Meallaigh

Morgan Cooke

Rod Goodall

Seamus Hughes

Isaac Casey

 

Criú

Bainisteoir Stáitse

Sorcha De Faoite

ASM

Julie Quinn

Prapaí

Madison Carpenter

Bainisteoir Tionscadail

Frank Cummins

 

Fuaim

Innealtóir Fuaime

Kevin Hughes

Dearthóir Fuaime

Niall Clarke

Cúntóir Fuaime

Becky Ní Éallaithe

 

 

Feistis

Dearthóir Feisteas

Róisín Lennon

Maoirseoir Feisteas

Amanda Donovan

Dearthóir Feisteas faoi Oiliúint

Faye Clague

Déantóir Feisteas

Charmain Goodall

 

Smideadh

Michelle Ruane

 

Seit

Dearthóir Stáitse & Príomhshiúinéir

Pete Nelson

Siúinéir

Tony Reid

Desmond Hardiman

 

Péintéir

Ger Sweeney

Cathal O’Toole

 

Criú

Frankie & Colm

Padraig Ó Coisdealbha

 

Maisíocht

Mike Regan

Soilse

Sarah Timmins

Geoff Quigley

Josh Mac Filib

 

Físeáin sa dráma

Diarmuid Ruiséail

 

Ceol

Stiúrthóir Ceoil

Julie Feeney

Stiúrthóir Bhanna Ceoil

Dessie Harrington

 

Banna Ceoil

The invisible Jug Band 

Juliana Erkkonen

Fergus Packman

Sean Hatton

Cesar Benzoni

Geoff Ward

Tara Dunne

 

Amhránaithe/  Mná níocháin

Carol Steven

Eilís Donohue

Saoirse Knauer

Eve Garavan

 

 

Cóiréagrafaí

Catherine Young

Damhsóirí

Simone O’Tool

Jonathan Mitchell

 

Dearadh Póstaer

Siobhan Harton

Poiblíocht & Margaíocht

Rhiann Flemming

Meáin Shóisialta

James Ó Flatharta

Oifigeach Teagmháil Phoiblí

Bridget Barker

 

Cúntóir Léiriúcháin

Peadar-Tom Mercier

Caidreamh Poiblí

Micheál Mac Aoidh

Físeán Poiblíochta

Bruno Pierucci

 

Aisteoirí Pobail

Máirín Mhic Lochlainn

Bairbre Ní Thuairisg

Bríd Uí Choistealbha

Hilaraí Nic Cába

Johanna Ní Mháille

Sarah Ghriallais

Niamh Nic Cárthaigh

Mary Owens

Fionnuala Ní Eidhin

Marian Ní Chonghaile

Julia Devane

Mairéad Ní Fhlatharta

Danny Wallace

Padraic A Táilliúra Ó Conghaola

James Mc Hugh

Frankie Mc Hugh

Vincent Barker

Seán O’Malley

Clíodhna Courtney

Eimear Nic Dhonnchadha

Sienna Sullivan

Caitríona Ní Mhathúna

Damhnait Ní Fhártarta

Kian Sullivan

Peadar Ó Coisdealbha

Éabha Ní Choisdealbha

Ríona Ní Choisdealbha

Oisín Mc Hugh

Lúc Mc Hugh

Morgan Mc Hugh

Hannah Mc Hugh

Info

Cogadh na Saoirse is theatre spectacle at its most daring and mesmerising, an outdoor experience that allows you to relive the tumultuous events of 100 years ago in a deep, visceral way.

 

Michael, a character from Cathleen Ní Houlihan, is fighting for Ireland’s freedom. Follow him as he brings you into the world of the flying columns, the Black and Tans, the big house and the country hall; from the horrors and heartbreak of the conflict to the treaty negotiations in London. Cogadh na Saoirse, the latest outdoor multi-stage spectacle from acclaimed theatre group Fíbín, offers you an opportunity to experience what it was really like to live through the turbulent years of the War of Independence. It brings you right into the heart of the action and offers fresh perspectives on the events that shaped our country.

 

Writer/ director Philip Doherty has created yet another captivating open-air theatrical experience , one that is gut-wrenchingly funny, heartbreakingly sad and one that contains moments of spectacular visual theatre. With Connemara as a stunning backdrop and with a large ensemble cast on board, Cogadh na Saoirse will transport you into the imagined world of Michael, and follow him as he negotiates his way through the creation of history. Expect vaudeville comedy, melodrama, silent movie, newsreels, puppeteering, drumming, traditional music & dance, opera and much more.

 

Cogadh na Saoirse was the largest ever outdoor theatre production in Ireland, and all shows sold out in August 2021. Fíbín would like to give special thanks to the continued support of Ealaín na Gaeltachta, Foras na Gaeilge and the Arts Council of Ireland.

Cast

Directed by Philip Doherty  

Written by Philip Doherty

Producer

Darach Ó Tuairisg

 

Actors

Julie Feeney

Siobhán O’Kelly

Seán T Ó’Meallaigh

Morgan Cooke

Rod Goodall

Seamus Hughes

Isaac Casey

 

Crew

Stage Manager

Sorcha De Faoite

ASM

Julie Quinn

Props

Madison Carpenter

Project Manager

Frank Cummins

 

Sound

Sound Engineer

Kevin Hughes

Sound Designer

Niall Clarke

Sound Assistant

Becky Ní Éallaithe

 

 

Costumes

Costume Designer

Róisín Lennon

Costume Supervisor

Amanda Donovan

Costume Design Trainee

Faye Clague

Costume Maker

Charmain Goodall

 

Make-up

Michelle Ruane

 

Set

Stage Designer & Head Carpenter

Pete Nelson

Carpenters

Tony Reid

Desmond Hardiman

 

Painters

Ger Sweeney

Cathal O’Toole

 

Crew members

Frankie & Colm

Padraig Ó Coisdealbha

 

Special Effects

Mike Regan

Lighting

Sarah Timmins

Geoff Quigley

Josh Mac Filib

 

Video in production

Diarmuid Ruiséail

 

Music

Musical Director

Julie Feeney

Band Leader

Dessie Harrington

 

Band

The invisible Jug Band 

Juliana Erkkonen

Fergus Packman

Sean Hatton

Cesar Benzoni

Geoff Ward

Tara Dunne

 

Singers/ Laundry Women

Carol Steven

Eilís Donohue

Saoirse Knauer

Eve Garavan

 

 

Choreography

Catherine Young

Dancers

Simone O’Tool

Jonathan Mitchell

 

Poster Design

Siobhan Harton

PR & Marketing

Rhiann Flemming

Social Media

James Ó Flatharta

Community Liaison Officer

Bridget Barker

 

Assistant Producer

Peadar-Tom Mercier

PR

Micheál Mac Aoidh

Promo Video

Bruno Pierucci

 

Volunteers

Máirín Mhic Lochlainn

Bairbre Ní Thuairisg

Bríd Uí Choistealbha

Hilaraí Nic Cába

Johanna Ní Mháille

Sarah Ghriallais

Niamh Nic Cárthaigh

Mary Owens

Fionnuala Ní Eidhin

Marian Ní Chonghaile

Julia Devane

Mairéad Ní Fhlatharta

Danny Wallace

Padraic A Táilliúra Ó Conghaola

James Mc Hugh

Frankie Mc Hugh

Vincent Barker

Seán O’Malley

Clíodhna Courtney

Eimear Nic Dhonnchadha

Sienna Sullivan

Caitríona Ní Mhathúna

Damhnait Ní Fhártarta

Kian Sullivan

Peadar Ó Coisdealbha

Éabha Ní Choisdealbha

Ríona Ní Choisdealbha

Oisín Mc Hugh

Lúc Mc Hugh

Morgan Mc Hugh

Hannah Mc Hugh

Aisteoir – Seamus Hughes

Aisteoir, scríbhneoir, agus léiritheoir Gaillmheach is é Seamus Hughes.

I measc a thaithí scáileáin tá; Ruairí in Jimmy’s Hall (le Ken Loach), Petey McDonagh in An Klondike (Dáithí Keane), Mike in Making It (Eamonn Norris), Gabriel in Lost and Found (Liam Ó Mocháin), Trev in Rásaí na Gaillimhe (Robert Quinn), Tonto in Anton (Graham Cantwell), agus Tony Baloney in Fear an Phoist (Denis Kirkland). Chomh maith leis sin bhí sé páirteach in Jack Taylor, Showbands (RTÉ), Deception (TV3), agus mar Steve Crawford in Ros Na Rún.

Mar chuid dá thaithí stáitse d’oibrigh sé le; Passion Machine ar P (Paul Mercier), Druid Theatre Co. The Cherry Orchard (Garry Hynes), Town Hall Theatre, An Grianán Theatre, Salomé (Páraic Breathnach), Moonfish, Brink Theatre Co., Theatre 503 London For Whom the Bell Tolls agus Rogue, An Taibhdhearc (An Fear a Phléasc, Bliain an tSúlóra, Lá Fhéile Mhíchíl,…), Cumann Theatre Co., Aisling Ghéar, agus eile.

Bhunaigh sé Lunchtime Theatre London (Arts Theatre, West End), agus is iarstiúrthóir ealaíne don Taibhdhearc é.

Scríobh sé na drámaí; Zorro – Forgotten Son of Ireland, The Catcher, The Pride of Kilnamona, agus roinnt geamaireachtaí i nGaeilge. Tá Seamus fíorshásta a bheith ag obair in athuair le Fíbín agus don chéad uair le Philip.

Aisteoir – Siobhán O’Kelly

D’fhreastail Siobhán ar Scoil Drámaíochta agus Ceoil Guildhall i Londain.

D’oibrigh Siobhán ar dhrámaí cosúil le The Beauty Queen of Leenane, Lipstick: A Fairytale of Iran, All My Sons, Of Mice and Men, Flare Path, Baoite, Private Ear/Public Eye, Twelfth Night, See How They Run, After The End, Midsummer Night’s Dream, agus Dancing at Lughnasa.

D’oibrigh sí ar shaothair theilifíse ar nós Casualty, Eastenders, Jack Taylor, Call The Midwife, An Klondike, London Irish, Raw, Inspector George Gently, Mutual Friends, Paddywhackery, Fair City, agus Na Cloigne.

Tá a hainm bainteach leis na scannáin High Rise, Arracht, Sophie At The Races, Treasure Island, Fractured, The Daisy Chain, agus Starfish.

Bhuaigh Siobhán aisteoir mná is fearr ag Féile Scannánaíochta Neamhspleách na hEorpa i bPáras in 2015 dá ról mar Sophie in At the Races agus in 2016 fuair sí ainmniúchán IFTA dá hobair ar an gclár teilifíse An Klondike.

 

Aisteoir – Rod Goodall

I ndiaidh a bheith ag taisteal an domhain ar feadh dhá bhliain déag le Footsbarn Theatre, tugadh cuireadh do Rod a bheith mar chuid lárnach den ghrúpa úrnua Macnas. Isteach leis i gcoire peile CLG, cluiche ceannais Chonnacht le Gaillimh i gcoinne Maigh Eo, chun an chéad mhórléiriú de chuid Macnas a stiúradh (bhí an bua ag Gaillimh).

Ó 1987 ar aghaidh bhí Rod mar stiúrthóir le Macnas ar The Circus Game Story, E.P. Moran, agus Na Fir Bolg, Táin, Moby Dick, Sweeney, Baor, agus The Rhymes of the Ancient Mariner.

Bhí sé mar stiúrthóir le Fíbín ar An Gabha ‘s a Ghasúir, Stair na hÉireann I & II, Na Foghlaithe Mara, agus an Eochair Órga, Labhraí Loingseach, Diabhlaíocht Deaglá, agus Stair na gCeilteach chomh maith le Oliver Twists le Blue Teapot.

Aisteoir – Julie Feeney

Is cumadóir, amhránaí, scríbhneoir, agus aisteoir i Julie Feeney. Údar brí do léirmheastóirí agus don lucht féachana is iad a cuid ceolchoirmeacha ar fud an domhain; in Amstardam, Meicsiceo, an Iodáil, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Bhrasaíl, Ceanada, Meiriceá, an Bhreatain agus ar fud fad na tíre s’againne ag casadh ina haonar nó le grúpa; le cóir nó le ceolfhoireann iomlán. Bíonn a cuid focal is a ceol féin á chumadh agus á chóiriú aici. Tá clú agus cáil uirthi agus ar na trí cheirnín dá cuid le léirmheastóirí ar fud na cruinne, agus neart gradam bainte amach aici.

Chuaigh a tríú ceirnín Clocks díreach chuig barr chairteacha Albam Neamhspleách na hÉireann agus a halbam ainmnithe mar “Albam na bliana” ag léitheoirí “The Irish Times”. Tá “Albam Éireannach na Bliana” ag an Choice Music Prize bainte amach aici lena ceirnín “13 songs”, inar chas sí an chuid is mó de na huirlisí í féin. Bhí a dara ceirnín “Pages” ar an ngearrliosta don duais “Albam na hÉireann” agus bhí sé luaite i mbailiúchán Liberties Press ‘101 Irish Albums You Must Hear Before You Die’

Aisteoir – Isaac Casey

Aisteoir de bhunadh Bhaile Átha Cliath is é Isaac. Rinne sé staidéar ar an aisteoireacht i gColáiste Rose Bruford i Londain.

Tá páirt glactha aige i ndrámaí cosúil le Boudica (Tristan Bernays), Stoning Mary (Debbie Tucker-Green) agus Measure for measure (William Shakespeare).

Is é seo an chéad dráma Gaeilge a nglacfaidh Isaac páirt ann agus é ag súil le cur chun cinn a dhéanamh ar a chuid aisteoireachta agus ar a chuid Gaeilge labhartha.

Aisteoir – Morgan Cooke

Tá an-áthas ar Morgan a bheith ar ais ag obair le Fíbín agus leis an Taibhdhearc. Bhí Morgan páirteach in An Triail (2014/2015) agus in Othello (2014) le Fíbín, agus an-chuid drámaí sa Taibhdhearc (Gaeilgeoir Deireanach Darna, Tine Chnámh, Coinneáil Orainn 2005), Annie (2015), agus chum sé ceol do dhrámaí agus geammaireachtaí sa Taibhdhearc chomh maith (Áilleacht Agus  Arracht, Sinbad Agus na Foghlaithe Mara, Fornocht a Chonac). Tá Morgan ina bhall den chompántas Moonfish, a rinne na léiriúcháin Námhad den Phobal (2009), Tromluí Phinocchio (2012), Star of the Sea (2014, 2015, 2017), agus Redemption Falls (2019). Tá Moonfish ag obair ar dhráma raidió don lucht éisteachta óg, i dteannta Baboró. D’oibrigh Morgan mar chumadóir agus mar aisteoir le Branar ar feadh deich mbliana, agus bhí sé ina bhall den ghrúpa rac-cheoil Cuckoo Savante. Tá Morgan ag cur faoi i mBaile Átha Cliath faoi láthair, agus múineann sé an amhránaíocht in Lir Academy i gColáiste na Tríonóide le cúig bliana anuas. Déanann Morgan an-chuid glórtha do chartúin ar TG4. (Fraggle Rock, Curious George, Garfield, Sherlock Gnomes, agus eile.)

Aisteoir – Seán T. Ó Meallaigh

Tar éis céim a bhaint amach san innealtóireacht, rinne Seán T. traenáil mar aisteoir le Galway Youth Theatre agus ansin in Oxford School of Drama. D’oibrigh sé le Fíbín ar roinnt drámaí roimhe seo; Tóraíocht, Trigger Martin, agus Sétanta ina measc. Chomh maith leo sin, bhí sé páirteach sna drámaí Star of the Sea, Redemption Falls (Moonfish), Baoite (An Taibhdhearc), Animal Farm, Philadelphia Here I Come! (GYT), Waiting For Godot, The Glass Menagerie, Measure for Measure (Theatrecorp).

Ar an scáileán mór, bhí sé páirteach in Arracht, Kings, Jimmy’s Hall, I am Patrick, agus The Callback Queen – ról a bhain ainmiúchán IFTA amach dó. Bhí sé le feiceáil sna sraitheanna teilifíse Vikings (History Channel), Charlie (RTÉ), agus ar TG4 sna cláir Seachtar na Cásca, Wrecking The Rising, Na Cloigne, Rásaí na Gaillimhe, A Terrible Beauty, Corp & Anam, Seacht, An Crisis, agus An Klondike. 

D’oibrigh sé mar stiúrthóir/scríbhneoir sna drámaí Gáire Agus Caoineadh Ó Luain go hAoine, The Dead, a Rose, And a Beer Too Many, an clár faisnéise Breith agus Bás faoin gceangal idir a chlann féin agus an Cogadh Cathartha; agus na gearrscannáin Eoinín bunaithe ar Eoghainín na nÉan, agus An Chúirt bunaithe ar Chúirt an Mheán Oíche.