T: 091 505855

Fíbín Media: eolas@fibinmedia.com

Seoladh Stiúdeo Fíbín

  /  Fíbín Media   /  Seoladh Stiúdeo Fíbín

Seoladh stiúideo léiriúcháin nua, úrscothach Fíbín Media go hoifigiúil Dé Céadaoin, an 7ú Nollaig. Ba iad Láithreoir TG4 agus Ceannasaí Léiriúcháin Fíbín Media Máire Treasa Ní Dhubhghaill, agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Fíbín Media Darach Ó Tuairisg, a sheol an stiúideo nua i gcroílár Chonamara, ar an Tulaigh i gCo. Na Gaillimhe. 

Tháinig slua breá chuig an seoladh. Bhí caint, craic agus ceol álainn ann ar an oíche le réalta óg teilifíse, Ruarc Ó Confhaola ag cuidiú le Máire Treasa an stiúdeo a oscailt go hoifigiúil.