Seó Cluichí Aicsin

Tá rannpháirtithe á lorg againn chun páirt a ghlacadh i Seó Cluichí Aicsin. Beidh an clár bunaithe ar an aimsir, agus beidh dúshláin le sárú ag na rannpháirtithe i dteannta leis an mbeirt láithreoirí, Tintreach agus Toirneach.
Tá rannpháirtithe á lorg againn chun páirt a ghlacadh sa chlár, idir 7-8 mbliana d’aois (rang a dó/ rang a trí). Ba mhaith linn lucht féachana beo a bheith againn ón scoil freisin. Cuirfidh muid bus agus lón ar fáil do na daltaí uilig, chomh maith leis na múinteoirí.
Bheadh lá amháin taifeadta i gceist, agus beidh an clár á thaifeadadh idir an 27 Feabhra 2023 agus an 15 Márta 2023 i gcathair na Gaillimhe.
Má tá aithne agat ar scoil nó club óige a bheadh ag iarraidh páirt a ghlacadh sa chlár, seol ríomhphost chuig rhiann@fibinmedia.ie agus beidh sí i dteagmháil libh go luath!