T: 091 505855

Fíbín Media: eolas@fibinmedia.com

{:ga}Samhradh gnóthach i Fíbín{:}{:en}A busy summer at Fíbín {:}

  /  News   /  {:ga}Samhradh gnóthach i Fíbín{:}{:en}A busy summer at Fíbín {:}

{:ga}

Tá  na scoileanna dúnta do shaoire an tsamhraidh agus an tonn teasa faoi lánseol ach tá Fíbín ag fáil faoi réir do dhá chamchuairt dírithe ar bhunscoileanna agus meánscoileanna amach san fhómhar.

Fíbín chun tabhairt faoin 12ú camchuairt den dráma Ardteiste ‘An Triail’ i mí Deireadh Fómhair agus beidh sé lá leiriú i 6 ionad mórthimpeall na tíre le linn na camchuairte sin.  Tá éisteachtaí á reáchtáil ag Fíbín i nGaillimh ag deireadh na míosa agus muid sa tóir ar aisteoirí gairmiúla chun roinnt páirteanna a líonadh sa dráma.

Ionad: Amharclann Áras na nGael, 45 Sráid Dhoiminic, Gaillimh
Dáta: Dé hAoine 27 Iúil
Am: 10r.n-2i.n
Iarratas a dhéanamh: Seol CV agus grianghraf chuig fibinteo@gmail.com  roimh 20 Iúil agus tiocfaidh muid ar ais chugat le am do d’éisteacht.​

Gach eolas eile anseo

—————————————————————————————————————————————————————————————-

Fíbín chun ceardlann forbartha 3 lá d’aisteoirí a reáchtáil i gConamara i mí Lúnasa faoi stiúir Tim Crouch, aisteoir, stiúrthóir agus scríbhneoir iomráiteach as Brighton Shasana. ​

Tabharfaidh an cheardlann seo deis d’aisteoirí obair le Tim ar bhealaí praiticiúla agus teoiriciúla chun saothar a chumadh do dhaoine óga. Tá an cheardlann dírithe ar aisteoirí gairmiúla a mbeadh suim acu páirt a ghlacadh i léiriú nua den seó Jeramee, Hartleby agus Oooglemore a scríobh Gary Owen do ghasúir agus roghnófar cliar don seó tar éis na ceardlainne.

Beidh an seó don aoisghrúpa 4-8 mbliana ag dul ar camchuairt náisiúnta amach san fhómhar ag féilte mar Féile Ealaíona an Chlocháin, an Axis i mBaile Átha Cliath agus osclóidh an seó Féile Bualadh Bos do Leanaí i Luimneach i mí Deireadh Fómhair, chun roinnt a lua.

Seo a leanas sonraí na ceardlainne:

Dátaí: Dé Luain 13 – Dé Céadaoin 15 Lúnasa 2018
Ionad: Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe
Iarratas a dhéanamh: Seol do CV agus grianghraf chuig fibinteo@gmail.com roimh 25 Iúil 2018

Gach eolas eile anseo

{:}{:en}

Schools are closed for the summer and the heatwave is well underway but we here at Fíbín are preparing for the next two tours aimed at primary and secondary school audiences hitting the road in the autumn.
Fíbín are preparing for their 12th tour of the Leaving Cert play ‘An Triail’ in October and it will be staged in 6 different venues throughout the country during the nationwide tour. Fíbín are to hold open auditions in Galway City at the end of the month and we are seeking a cast of professional actors, both male and female to fulfill roles in the play.
Venue: An Amharclann, Áras na nGael, 45 Dominick Street, Galway
Date: Friday 27th July
Time: 10am-2pm
Application: E-mail your CV and headshot to fibinteo@gmail.com before 20th July and we will contact you with a time for your audition.
More information here
———————————————————————————————————————-
Fíbín are running a 3 day professional development workshop for actors with Tim Crouch in Connemara in August. Tim is a renowned actor, director and writer from Brighton in the UK.

This workshop offers actors the chance to work with Tim on practical and theoretical approaches to making work for young people. It’s aimed at professional actors who would be interested in playing a role in the show Jeramee, Hartleby agus Oooglemore written by Gary Owen and casting will be done after the workshop.

The show aimed at 4-8 year olds will then go on a nationwide tour in the autumn, including Clifden Arts Festival, the Axis in Dublin and opening the Bualadh Bos Children’s Festival in Limerick in October, to name but a few.

Workshop details as follows:

Dates: Monday 13 – Wednesday 15 August 2018

Venue: Seanscoil Sailearna, Inverin, Co. Galway

Application: Email your CV and headshot to fibinteo@gmail.com before 25 July 2018

More information here

{:}