‘Nuair a Bheidh Mé Mór’

Clár nua ag tosú ar Cúla4 ar an 21ú Aibreáin ag 3.45pm.
Imríonn Ruarc, Isabelle, Muireann, Faith-Leigh agus Sonaí an cluiche is fearr leo, ‘Nuair a Bheidh Mé Mór’, le cúnamh ó Shióg na bPost agus a radharcán draíochta. Samhlaíonn siad na rudaí iontacha a dhéanfaidh siad ina saol gairmiúil sa todhchaí. Úsáideann siad radharcán draíochta le breathnú ar dhuine fásta i mbun na gairme sin, agus faigheann siad léargas suntasach ar an ngairm sin, i ndáiríre.
With the help of the Job Fairy and her magical viewfinder, Ruarc, Isabelle, Muireann, Faith-Leigh and Sonaí play their favourite game in the world, ‘Nuair a Bheidh Mé Mór’. They imagine all of the wonderful things they could do in their professional lives when they grow up. They use the viewfinder to get a peek at a real grown-up in their aspirational career and they find out what life is really like with that job.