T: 091 505855

Fíbín Media: eolas@fibinmedia.com

{:ga}Nollaig Shona ó Fíbín{:}{:en}Season’s Greetings from Fíbín {:}

  /  News   /  {:ga}Nollaig Shona ó Fíbín{:}{:en}Season’s Greetings from Fíbín {:}
d

{:ga}

Slán le 2017 ach Haileo 2018!!

Tá bliain ghnóthach eile curtha againn dhínn anseo i Fíbín agus muid ag tnúth go mór leis an mbliain amach romhainn.

Chuir Fíbín tús leis an gclár lenár gcomhléiriú le hÁras Inis Gluaire ar an bhfinscéal ‘Clann Lir’ a seoladh le linn Sheachtain na Gaeilge agus a léiríodh ag féilte agus ag iliomad imeachtaí mórthimpeall na tíre i gcaitheamh na bliana.

Tháinig slua ollmhór amach ag an seó amuigh faoin aer ‘Pléasc’ i dtús an tsamhraidh mar chuid den togra comóradh pobail a reáchtáladh i gCois Fharraige chun comóradh a dhéanamh ar ‘mine’ a phléasc ar thrá sa cheantar 100 bliain ó shin agus léiríodh suim i gcéin agus i gcóngar sa scéal.

Thug Fíbín faoin 11ú camchuairt den dráma Ardteiste ‘An Triail’ san fhómhar agus dhíol muid amach i roinnt ionaid inár chuir muid seónna breise ar siúl agus bhí an lucht féachana is mó riamh againn don dráma.

 Ag breathnú chun cinn…..

Fíbín ar ais ar camchuairt náisiúnta i mí Aibreáin leis an dráma ‘Tóraíocht’. Leagan nua den scéal “Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne”- curtha in oiriúint agus stiúrtha ag Mikel Murfi agus scríofa ag Philip Doherty. D’éirigh go hiontach leis na réamhléirithe den dráma i nGaillimh i mí na Samhna 2016 agus léireofar an dráma ar stáitse sa Town Hall Theatre i nGaillmh, san Everyman i gCorcaigh, sa Draíocht i mBaile Bhlainséir agus sa VISUAL i gCeatharlach san Aibreán. Tá ticéid ar fáil ó na hamharclanna uile agus nach ndéanfadh siad bronntanas deas Gaelach don Nollaig. Gach eolas anseo.

Beidh ‘An Triail’ ar ais ar camchuairt arís i mí Deireadh Fómhair seo chugainn. Gach eolas faoi ionaid agus dátaí anseo.  Cuir na dátaí sa dialann inniu agus fógrófar níos mó eolais sa bhliain nua.

Ba mhaith le Fíbín an deis seo a thógáil chun slán a fhágáil lenár léiritheoir Ruth Gordon, a chríochnaigh ag obair linn le gairid tar éis beagnach 5 bliana. Bhain muid an-taitneamh as a bheith ag obair le Ruth i gcaitheamh an ama seo agus aireoidh muid uainn go mór í ach guíonn muid gach rath uirthi don todhchaí.

Buíochas mór le gach duine a tháinig chuig ár seónna i mbliana! Buíochas speisialta do na maoinitheoirí, na haisteoirí, na stiúrthóirí, na dearthóirí, criú Fíbín, na hamharclanna, agus gach duine a bhí páirteach i Fíbín i 2017 – GO RAIBH MÍLE MAITH AGAIBH AR FAD!

{:}{:en}Goodbye to a great 2017 but here’s to an even better 2018!!

 

We have finished up another busy year here in Fíbín and we are very much looking forward to the year ahead.

Fíbín kickstarted this year’s programme with a co-production of the legend of Clann Lir’ with Erris Arts Centre. This show was launched as part of the Seachtain na Gaeilge events in March and has been performed at many festivals and events throughout the year.

There was great crowd in attendance at our outdoor spectacle ‘Pléasc’ in June, performed as part of the weekend programme of events, commemorating 100 years since the explosion of a mine in Cois Fharraige. This re-enactment was enjoyed by young and old alike and interest was shown in the story near and far.

Fíbín completed their 11th run of the Leaving Certificate play ‘An Triail’ and the play sold out in some venues, where we had to add on extra shows to accommodate numbers. We performed to a record attendance of in excess of 7500 students this year.

Looking ahead….

Fíbín are back on a nationwide tour in April with ‘Tóraíocht’ – a new bilingual version of “Diarmuid agus Gráinne” – adapted and directed by Mikel Murfi and written by Philip Doherty. The previews of this show were performed in Galway in November 2016 and will be staged in the Town Hall Theatre in Galway, The Everyman in Cork, Draíocht in Blanchardstown and the VISUAL in Carlow next April. Tickets are available from all venues and wouldn’t they make a lovely Christmas present for the Gaeilgeoir in your life.  All info here.

Our Leaving Certificate play ‘An Triail’ returns for it’s 12th tour next October. All info on venues and dates here. Put the dates in your diary today and more information to follow in the New Year.

Fíbín would like to take this opportunity to bid farewell to our producer Ruth Gordon, who finished working with us recently after nearly 5 years. It was a genuine pleasure working with Ruth during this time and we will miss her but we wish her the best of luck in her future endeavours.

A heartfelt Thank You to all of you who came to see a Fíbín show this year! A very special Thank You to our funders, actors, directors, designers, the Fíbín crew, the venues and to everyone who made this year a huge success – THANK YOU ALL VERY MUCH!

 

 {:}