T: 091 505855

Fíbín Media: eolas@fibinmedia.com

Infheistíocht Iontach Déanta ag Meangadh Fíbín in Earnáil na nEalaíon

  /  Fíbín Media   /  Infheistíocht Iontach Déanta ag Meangadh Fíbín in Earnáil na nEalaíon

Infheistíocht iontach déanta ag Meangadh Fíbín in Earnáil na nEalaíon

 

Is cúis mhór áthais dúinn a fhógairt gur tosaíodh an obair ar an stiúideo saintógtha nua ag Meangadh Fíbín. 2,500 troigh chearnach a bheidh sa stiúideo nua, a bheidh in úsáid ag an gcomhlacht go príomha, ach tá sé d’aidhm againn tallann nua a mhealladh isteach leis chomh maith, go háirithe i gcás cláir bheo-aicsin do dhaoine óga. Tabharfar deiseanna don chomhlacht méadú, mar aon le deiseanna tallann nua a fhorbairt i ngach réimse den earnáil. Leis an éileamh ar ábhair do dhaoine óga ag méadú in Éirinn agus thar lear, céim ar an aistear a bheidh sa stiúideo nua seo a chruthóidh deiseanna fostaíochta sa Ghaeltacht agus níos faide i gcéin.

 

Ligfear an stiúideo ar cíos; beidh sé oiriúnach do cheol, do sheónna cainte, agus do chláir a bheidh bunaithe sa stiúideo. Mar aon le stáitse taifeadta beidh oifigí léiriúcháin, seomraí gléasta, stórais, agus araile ann. Táthar ag súil go mbeidh an tógáil curtha i gcrích faoin earrach 2022.

 

Significant investment by Fíbín Media in the Creative Sector

 

Fíbín Media are delighted to announce that work has commenced on a new purpose-built TV studio. This 2,500 Sq. Ft space will be primarily used for the workings of the company but also aims to attract new talent into the sector, specifically in young people’s live action production. This facility will provide opportunities to expand the company’s offering whilst developing new talent in all sectors of the business. With new opportunities and demand for young people’s content within the island of Ireland and beyond this new facility, although modest in size, will be a stepping stone to creating real working opportunities in the Gaeltacht and beyond.

 

The studio will be available to hire and will be extremely suitable for music, chat shows and studio-based programming. As well as a sound stage there will be production offices, dressing rooms, stores etc. Construction is hoped to be completed by spring 2022.