T: 091 505855

Fíbín Media: eolas@fibinmedia.com

Gradam Joe Steve- Duais Ghearrdhrámaíochta Raidió

  /  Fíbín Teo   /  Gradam Joe Steve- Duais Ghearrdhrámaíochta Raidió

 

GRADAM JOE STEVE 

Duais gearrdhrámaíochta Raidió

Is mór an dushlán é a bheith ealaíonta sa tréimhse éigeandála seo agus muid scaipthe inár n-aonar. Tá Fíbín ag iarraidh cabhrú le healaíontóirí a samhlaíocht agus a gcruthaíocht a choinneáil lasta

Chuige sin, tá lúcháir an domhain orainn a fhógairt go bhfuil Fíbín Teo in éineacht le Raidio na Gaeltachta, Údaras na Gaeltachta agus an Taidhbhearc ag teacht le chéile chun comórtas nua  ‘Drámaí Raidió’ a chur ar fáil.

Is í aidhm Gradam Joe Steve ná misneach a thabhairt do scríbhneoirí le Gaeilge drámaí raidió a scríobh, chomh maith le feachtas a chruthú chun feasacht maidir le cumhacht an ghearrdhráma raidió mar mhodh scéalaíochta a ardú.

Táimid sa tóir ar scríbhneoirí nua le Gaeilge chun gearrdhrámaí raidió a scríobh. An mbeadh fonn oraibh tabhairt faoin dúshlán seo? An bhfuil scéalta agaibh go mba mhaith libh a chloisteáil ar stáisiún raidió náisiúnta na Gaeilge?

Má tá, táimid ag lorg gearrdhrámaí trí Ghaeilge atá bunaithe ar scéalta miotais nó stairiúil na hÉireann ach é scríofa i stíl chomhaimseartha. Ní mór achoimre don dráma a sheoladh chugainn. Léifidh ár moltóirí iad agus roghnófar trí iarratas. Más rud é go roghnófar do dhráma iarrfaidh muid ort an dráma a scríobh le treoracha agus comhairle ónár moltóirí. Nuair atá na scripteanna curtha i gcrích, déanfar taifead ar na drámaí ar stáitse na Taibhdheirce os comhair lucht féachana beo. Déanfar na drámaí a chraoladh ansin ar Raidió na Gaeltachta. 

 

An Duais:

Gradam Joe Steve €500,

Dara háit €200

Triú háit €200

Rialacha an chomórtais:

 

  • Caithfidh an t-iarratas a bheith i nGaeilge
  • Spriocdháta 22 Bealtaine 2020
  • Seol an t-iarratas chuig eolas@fibin.com
  • 3 príomhcharachtar an t-uasmhéid atá ceadaithe i ngach dráma
  • Ní mór na drámaí a bheith 10 nóiméad ar fhad
  • Caithfidh an t-iarratas a bheith seolta ar líne, ní ghlacfar le haon ní sa phost
  • Ní cheadófar níos mó ná 2 iarratas ó aon duine amháin
  • Ba cheart sonraí teagmhála, agus eolas faoin drámadóir – aois srl – a chur san áireamh san iarratas.
  • Ní  bheidh dul thar bhreith na moltóirí
  • Léifidh na moltóirí na hiarratais, agus roghnófar na 3 cinn is fearr.  Iarrfar ar na scríbhneoirí ansin na drámaí a scríobh le treoracha agus comhairle ó na moltóirí. Nuair atá na scripteanna curtha i gcrích, déanfar taifead ar na drámaí ar stáitse na Taibhdheirce.

 

Imlíne: Cad atá uainn?

Scéal

Scéal atá spéisiúil agus a thugann léargas ar an domhan sa lá atá inniu ann. Scéal a dtarlaíonn athrú ann, tuiscint úrnua, oscailt súl, le tús agus deireadh atá soiléir.

Carachtair

Carachtair atá dea-chumtha agus rud ar leith á lorg acu, ach deacracht acu an rud sin a aimsiu nó a bhaint amach. I ngach scéal táthar ag súil go dtiocfaidh athrú ar an gcarachtar, go mbeidh eispéireas ar leith aige/aici agus go bhfuil air/uirthi dul i ngleic le próiseas athraithe pearsanta.

Glór/ Dialóg

Tá glór leithleach ag teastáil uainn le do dhearcadh féin ar an domhan seo. Má scríobhann tú ó do chroí é, fanfaidh tú glan ar shean-nathanna. Lig do do shaol féin thú a spreagadh. Bíodh rud éigin le rá agat. Cabhróidh sé sin leat scríbhneoireacht atá glic, greannmhar agus móthúchánach a chruthú.

Is Dráma Raidió é

Ceann de na foirmeacha ealaíne is deise le scríobh is ea an dráma raidió. Smaoinigh ar an áit a bhfuil do scéal suite, an ceol agus na fuaimeanna éagsúla a d’fhéadfadh a theacht ón spás sin. Mar gheall nach bhfuil mórán costais ag baint le fuaim, is féidir leat a bheith chomh samhlaíoch is gur mian leat. Tá saoirse agat suíomh iomlán éagsúil a chruthú le fuaimeanna.


 

Joe Steve Award

Short Radio Play Competition

 

 

It is hard to be artistic during this isolation period, but Fíbín are keen to help you keep that creative fire lit. That is why we are very excited to announce that Fíbín Theatre Company, in association with Radio na Gaeltachta , Údarás na Gaeltachta and Taidhbhearc na Gaillimhe, are developing a Short Radio Play competition.

The objective of the Joe Steve Award, is to inspire Irish playwrights to write new short radio plays in the Irish language and to promote the wonder and magic of storytelling in Radio Play form.

Do you have a story to tell?

Would you like it to be aired on our Irish National Station?

If so, we are looking for short Radio plays that are inspired by an Irish mythical or historical story , set in contemporary times. We are asking for you to send a short concept outline ( 500 words) of your play. Our panel of judges will choose 3 of these applications. If your play is picked, you will be asked to write the script with the support and dramaturgy of our judges. Each of the three scripts that are chosen will be recorded on the Taidhbhearc stage and broadcast on Radio na Gaeltachta.

Prize

Joe Steve Award €500

Second Place €200

Third place €200

Rules of Application:

  •  The application must be written in Irish
  •  Deadline 22 May 2020
  • Please send applications to eolas@fibin.com
  • The maximum number of main characters in each drama is 3.
  •  The script, when written, should be 10 minutes in length
  • All applications must be sent online. No postal applications will be accepted
  •  Maximum of two applications per person
  •  Please include your information and contact details etc in the application
  • The judges decision will be final

 

 

Outline: What are we looking for?

Story

An engaging story that reflects the world we live in today. Stories with a transformation, realisation, revelation, with a clear beginning and end.

Character

Fully formed, compelling characters that clearly want something, but have difficulty getting it. In each story we want to see a  character evolve, change or go through something.

Voice/ dialogue

We want an original voice. We want to hear your unique take on the world. The best way to avoid cliché is to write from your heart, be inspired from your own experiences, what you have seen, heard or dreamed about. It is important to have something to say and when it comes to writing the script, to write tight, clever, funny or emotional dialogue.

Radio drama as a medium

Radio drama is one of the most exciting art-forms to write for. Think of what would be exciting for an audience to listen to. Set the story in places with a variety of textures, sounds and music, and potential to compel a listener. Writing for the ear can be such an intimate thing, but one where you can also invent imaginative worlds, that costs relatively little to make. Don’t be afraid to take risks and create something fantastic.