Ainmniúchán do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais
Tá muid ar bís ainmniúchán a fháil do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana sa chatagóir ‘Sraith Teilifíse na Bliana.’ Bronnfar na Gradaim Chumarsáide ag searmanas speisialta a bheidh ar siúl ag Oireachtas na Samhna. Beidh an searmanas ar siúl Dé Céadaoin, 2 Samhain 2022. Go n-éirí an t-ádh leis na hainmnithe ar fad!