Folúntas – Léiritheoir Amharclannaíochta – Vacancy – Theatre Producer
{:ga}Is mian le Fíbín Léiritheoir Amharclannaíochta lánaimseartha a fhostú mar chuid den phríomhfhoireann chun comhordú agus tacaíocht a thabhairt do thograí amharclannaíochta an chomhlachta, agus chun cabhrú le Fíbín a bheith ar cheann de na príomhchomhlachtaí gníomhacha in earnáil na hamharclannaíochta sa tír.
AIDHM AN RÓIL
Beidh an duine sa ról seo ag léiriú léirithe nua ag an gcaighdeáin ealaíne is airde. Beidh an duine ag obair go dlúth leis an stiúrthóir ealaíne chun na léirithe seo a bheidh ar chaighdeán idirnáisiúnta a chur i gcrích.
FREGRACHTAÍ
- Tograí amharclannaíochta/ealaíne Fíbín a léirithe
- Oibriú go dlúth leis an stiúrthóir ealaíne agus leis an bhfoireann chruthaitheach chun tacú le fís chruthaitheach na léirithe.
- Foireann léirithe a aimsiú agus a fhostú de réir mar is gá.
- Léirithe uile a phleanáil agus a threorú agus a dhéanamh cinnte go ndéanfar iad a rith go sásúil agus go héifeachtach.
- Freastal ar chruinnithe léirithe, cleachtaithe teicniúla agus réamhléirithe thograí uile de chuid Fíbín.
- A dhéanamh cinnte go gcothaítear fís agus próifíl Fíbín.
- Caidreamh maith oibre a chothú laistigh den chomhlacht agus le ranna uile ó léiriú go léiriú.
- Oibriú leis an mBainisteoir Léirithe chun rith na léirithe a stiúradh, ag cinntiú go bhfuil na caighdeáin ealaíne agus theicniúla atá aontaithe á mbaint amach i gcónaí.
- Iarratais bhliantúla a dhéanamh agus maoiniú á lorg don chomhlacht.
- Oibriú go dlúth leis an Stiúrthóir Ealaine, leis an Léiritheoir Feidhmeannach agus Bainisteoir Feidhmeannach chun smacht airgeadais ar na léirithe a chinntiú.
- Chun camchuairteanna Fíbín a eagrú agus a chomhordú.
- An fhoireann ar camchuairt a bhainistiú i d’aonar nó i gcomhar leis an mBainisteoir Stáitse.
- Taisteal agus lóistín a chur in áirithe agus a bhainistiú i nGaillimh agus ar camchuairt do chriú stáitse agus teicniúil Fíbín.
- Sceidil íocaíochtaí a leagan amach roimh chleachtaithe do phá, per diems agus costaisí taistil. An sceideal seo a choinneáil suas chun dáta agus a chur ar fáil don roinn airgeadais nuair is gá.
- Admhálacha mionairgid a ullmhú agus a chomhdú, ordaithe ceannaigh a chur i gcrích do gach ceannachán a dhéantar lasmuigh de mhionairgid mar aon le gach nós imeachta de réir rialú airgeadais Fíbín a leanúint.
- Cloí le polasaí sláinte agus sábháilteachta Fíbín de réir na reachtaíochta reatha.
- Teagmháil a dhéanamh leis an Stiúrthóir Ealaíne, Léiritheoir Feidhmiúcháin/CEO agus an Bord chun aon fhadhbanna ealaíne, a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn léirithe, a réiteach.
- Comhordú a dhéanamh le Stiúrthóir Margaíochta agus Cumarsáide Fíbín maidir le haon ghlaochanna preasa, agallaimh nó gníomhaíochtaí ar bith eile a bhainfidh le Fíbín i dtéarmaí dialainne nó comeád ama.
- Teagmháil rialta leis an Stiúrthóir Ealaíne maidir le hócáidí ealaíne a chuirfear i láthair i spás nua, dánlann nó caifé Fíbín.
- Aon traenáil a bheadh de dhíth chun tabhairt faoi thograí a chur i gcrích.
- A bheith mar ambasadóir ar son Fíbín ag ócáidí ar bith, oícheanta oscailte agus deiseanna líonraithe ar bith.
- Aon tasc eile a éilíonn an comhlacht ort.
SONRAÍOCHT AN PHOIST
Taithí, Cáillíochtaí agus Scileanna Riachtanacha
- 5 bliana taithí i léiriú amharclannaíochta proifisiúnta a bheith aige/aici.
- Sár-eolas domhain ar an bpróiseas léirithe.
- Líofacht sa Ghaeilge
- Cuntas teiste cruthaithe i léiriú amharclannaíochta agus an fhoireann in amharclanna agus ar camchuairt a stiúradh.
- Sárscileanna i mbuiséadú agus ríomhaireachta le heolas reatha ar MS Word, Excel &rl.
- Sár-eolas agus taithí ar phróisis léirithe na hamharclannaíochta
- Cumas cruthaithe a bheith ábalta bheith ag obair faoi bhrú agus caighdeáin ard á mbaint amach.
- Sárscileanna cumarsáide, scríofa agus labhartha araon.
- Láncheadúnas glan tiomána
Tuarastal: Ag brath ar thaithí
Chun iarratas a dhéanamh, seol ríomhphost le CV agus litir chlúdaigh chuig eolas@fibin.com
Spriocdháta: Aoine 7 Feabhra 6.i.n.
Beidh agallaimh ar siúl an tseachtain 10 Feabhra.
FÍS FÍBÍN
Eispéiris spreagúla amharclannaíochta a chur ar fáil chun ionspioráid a thabhairt do lucht féachana óg agus do dhéantúsóirí amharclannaíochta an todhchaí. Tá sí mar aidhm againn, ónár mbaile nua i gConamara, nasc a chothú le healaíontóirí agus le pobal Gaeilge na tíre chun clár bliantúil oibre a chruthú a bheidh tarraingteach ag lucht féachana leathan agus éagsúil go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá se mar sprioc againn glúin nua ealaíontóirí Gaeilge a fhorbairt agus a chothú.
CÚLRA FÍBÍN
Tá Fíbin, ar an gcomhlacht drámaíochta Gaeilge is mó agus is gníomhaí sa tír. Cuireann muid an nuascríbhneoireacht mar aon le drámaí claisiceacha i láthair ar shlí atá uathúil agus cruthaitheach agus trasnaíonn cur chuige físiúil Fíbín aon bhacanna teanga a d’fhéadfadh a bheith ann. Baineann an comhlacht leas as puipéid, maisc, scáthanna, fuaim agus réimse leathan teicnící físiúla agus an aidhm seo á baint amach agus chun stíl nach bhfacthas go dtí seo a fhorbairt in amharclannaíocht do dhaoine óga, agus in amharclannaíocht na Gaeilge ach go speisialta.
Bunaíodh Fíbín i 2003 agus í mar aidhm aige drámaíocht shiamsúil, fhuinniúil agus nuálaíoch den chaighdeán is airde a chur ar fáil do lucht féachana óg trí mheán na Gaeilge. Chomh maith leis an aidhm seo, bhí an mhian drámaíocht nuálaíoch agus úrnua a léiriú don lucht féachana ar leith sin.
Déanann Ealaíon na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus an Chomhairle Ealaíon maoiniú ar Fíbín
{:}{:en}Fíbín wishes to recruit a full-time Theatre Producer to join the core team to co-ordinate and support the delivery of theatre projects, and to help develop Fíbín as a prominent player in the Irish theatre sector.
PURPOSE OF THE ROLE
This full-time position will produce new work to the highest artistic standards and to work closely with the artistic director in delivering productions of world-class excellence.
DUTIES & RESPONSIBILITIES
- Produce Fíbín’s theatre productions.
- Work closely with the artistic director and creative team in supporting the creative vision for productions.
- Source and hire production team and crew as necessary.
- Plan and lead all productions ensuring they run in a smooth and efficient manner.
- Attend all production meetings, technical rehearsals and previews for all Fíbín productions.
- Ensure Fíbín’s vision and profile is maintained.
- Maintain good working relationship within the company between all departments from show to show.
- Work with the Production Manager to control the running of all performances, ensuring that the agreed and established artistic and technical standards for such productions are maintained at all times.
- Make annual applications and seek funding opportunities for the company.
- Work closely with the Artistic Director and Executive Producer and Production Manager to ensure financial control is maintained on any production spend.
- Organise and co-ordinate Fíbín on tour.
- Either personally, or in liaison with a touring Stage Manager, manage all staff on tour.
- Book and manage all travel and accommodation in Galway and on tour for Fíbín performing and technical company.
- Produce payment schedules ahead of the start of the rehearsals for all wages, per diems and travel payments. To keep this schedule up to date and forward to the finance department when relevant.
- Prepare and file all petty cash receipts, complete purchase orders for all purchases made outside of petty cash and to follow all of Fíbín’s financial control procedures.
- Adhere to Fíbín’s health and safety policy according to current legislation.
- Liaise with the Artistic Director, Executive Producer/ CEO and Board to resolve any artistic problems, which may arise during the run of a production.
- Co-ordinate with the Fíbín’s Director of Marketing and Communications on any press calls, interviews or other activities that involve the Creative Company in terms of diaries and timekeeping.
- Liaise with Artistic Director over any artistic events to be presented in Fíbín’s new space, gallery, and café.
- Undertake training deemed necessary by the company for projects.
- Act as an Ambassador for Fíbín at functions, opening nights and other networking opportunities.
- Any other reasonable task as assigned by the company.
PERSON SPECIFICATION
Essential Experience, Qualities and Skills
- Minimum 5 years’ experience in professional theatre production.
- An in-depth knowledge of the production process.
- Fluncey in Irish essential
- Proven track record in leading a theatre production and team in theatres and on tour.
- Excellent budgetary and IT skills with a working knowledge of MS Word, MS Excel.
- In-depth knowledge of and experience with theatre production processes.
- Proven ability to work well under pressure while delivering to a high standard.
- Excellent communication skills both written and verbal.
- Full Clean driving license
Salary: Commensurate with experience
To apply, please email a CV and a cover letter to eolas@fibin.com
Application deadline: Friday 7 February 6pm.
Shortlisted candidates will be called for interview the week of 10 February.
FÍBÍN’S VISION
To create exciting theatrical experiences that will inspire theatre audiences and makers of the future. From our new home in Connemara, we aim to engage with Irish language artists and the community in creating an annual programme of work to attract a broad and diverse audience, locally, nationally and internationally. We aim to develop and nurture a new wave of artists in the Irish language.
Fíbín is the largest and most active Irish-language theatre company in Ireland. We present new writing as well as classic plays in a unique and creative way.
Fíbín’s visual approach overcomes any language boundaries that may exist. To achieve this, the company has made use of puppets, masks, shadows, music, sound and an array of highly visual techniques to develop a style not previously seen in children’s theatre, and in Irish Language Theatre in particular.
Fíbín was founded in 2003 with the intent of providing exciting, entertaining, and energetic theatre of the highest professional standards to a young audience through the medium of Irish. Coupled with this aim was a desire to produce inventive and ground-breaking theatre for young people.
Fíbín is proudly funded by, Ealaíon na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, The Arts Council
{:}