T: 091 505855

Fíbín Media: eolas@fibinmedia.com

Fíbín sa Taibhdhearc – Ré nua do dhrámaíocht na Gaeilge!

  /  Fíbín Teo   /  Fíbín sa Taibhdhearc – Ré nua do dhrámaíocht na Gaeilge!

Stiúr á ghlacadh ag Fíbín ar An Taibhdhearc, amharclann náisúnta na Gaeilge i gcathair na Gaillimhe, ar feadh tréimhse trí bliana

Tá ré nua i ndán don amharclannaíocht i gcoitinne agus stiúr á ghlacadh ag comhlacht drámaíochta neamhspleách ar amharclann náisiúnta na Gaeilge den chéad uair. Beidh Fíbín Teo. freagrach as clár ealaíne An Taibhdhearc a léiriú don chéad trí bliana eile. Tá sé i gceist ag an gcomhlacht straitéis ealaíne ar leith a fhorbairt agus todhchaí láidir á chinntiú do dhrámaíocht na Gaeilge. Tá Fíbín ag súil le leas iomlán a bhaint as an spás chun na healaíona a chur chun cinn agus ról lárnach á imirt acu i bpríomhchathair chruthaitheachta an iarthair.

Chuir Bord na Taibhdheirce fáilte roimh an Aire Stáit Jack Chambers ar an Déardaoin 13 Bealtaine agus é ar cuairt chuig an amharclann. I láthair bhí Deirbhile Ní Churraighín, cathaoirleach an bhoird, Christy King, cisteoir, agus Darach Ó Tuairisg, ceannasaí ar an gcomhlacht drámaíochta Fíbín. Rinneadh cur síos don Aire Stáit ar an socrú atá déanta idir an Bord agus Fíbín i dtaca le stiúr na hamharclainne go ceann trí bliana. Ghlac Fíbín seilbh ar an Taibhdhearc ar an lá céanna agus tá plean cuimsitheach leagtha amach don trí bliana amach romhainn. Tá Bord na Taibhdheirce thar a bheith ríméadach faoin ré atá le teacht agus beidh siad ag tabhairt gach tacaíocht do Fíbín leis an bplean ealaíne atá beartaithe acu.

Dúirt Darach Ó Tuairisg, bainisteoir agus bunaitheoir Fíbín, “Is údar bróid dúinn go bhfuil comhlacht Gaeltachta ag glacadh stiúr ar amharclann náisiúnta na Gaeilge den chéad uair. Tá branda láidir ag An Taibhdhearc agus tá sé ar cheann de na spásanna amharclannaíochta is deise sa tír. Cé go bhfuil dúshláin go leor roimh na healaíona i gcoitinne tá deis ar leith á tapú again agus muid go láidir den tuairim go bhfuil féidearthachtaí spreagúla ann d’amharclannaíocht na Gaeilge sna blianta amach romhainn. Chuige sin, táimid ag súil go mór le bheith ag obair le pobal cruthaitheach agus lucht ealaíne na tíre”.

Agus iad ag súil leis an aistear amach rompu, tá deis ag Fíbín agus An Taibhdhearc tionchar mór a imirt ar dhrámaíocht na hÉireann. Sa chéad cúpla mí eile, beidh croífhoireann láidir á chur le chéile agus daoine á n-earcú le réimse leathan postanna a líonadh. Nuair atá na chéad chéimeanna seo curtha i gcrích déanfar clár nua a fhógairt a thabharfaidh léargas ar an gcur chuige nua atá beartaithe don An Taibhdhearc.

Dúirt stiúrthóir ealaíne Fíbín, Philip Doherty, “Agus Fíbín sa Taibhdhearc, beidh spás agus áit nua ar fáil don chruthaitheacht agus do dhaoine, nua agus seanbhunaithe, atá ag obair i ngach réimse ealaíne trí mheán na Gaeilge. Ag tógáil ar thraidisiún láidir na Taibhdheirce, tabharfaidh Fíbín fuinneamh nua isteach sa spás trí na healaíona a léiriú go spleodrach agus go nuálaíoch. Tá muid ag súil le bheith mar chuid lárnach de phobal ealaíne na Gaillimhe agus na tíre”

Tá Fíbín an-bhuíoch as an tacaíocht atá faighte ón Aire Catherine Martin agus a Roinn. Tá aitheantas ar leith tuilte ag a gcuid maoinitheoirí a sheas leo ar feadh na mblianta agus iad ag iarradh drámaíocht d’ardchaighdeán a chur ar fáil do lucht féachana náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá ardmholadh ag dul do Bhord na Taibhdheirce agus ag Bord Fíbín freisin as an gcéim nuálaíoch seo a chur i dtoll a chéile.

 

A new Chapter in Irish language theatre

Fíbín to take over An Taibhdhearc, the national  Irish language theatre for a period of three years

Irish theatre sees the dawn of a new chapter where, for the first time, an independent theatre company will take over the programming and administration of An Taibhdhearc, the national Irish language theatre. Fíbín Teo. will be responsible for all programming and productions in the theatre for the next three years. The company intend to develop a unique arts strategy to ensure a vibrant future for Irish language arts on the island of Ireland and will utilise the space to its fullest potential to place Irish Language theatre at the heart of the arts capital of Ireland.

The board of An Taibhdhearc welcomed the Minister of State for Gaeltacht Affairs, Jack Chambers, on Thursday 13th May when he visited the theatre. Present were An Taibhdhearc’s chairperson, Deirbhile Ní Churraighín, treasurer Christy King and Fíbín CEO Darach Ó Tuairisg. They outlined their plans for the future which were wholeheartedly welcomed by the minister. The board of An Taibhdhearc are excited about the new chapter in the theatre’s history and will support Fíbín in achieving its goals in the coming three years.

Darach Ó Tuairisg, CEO of Fíbín, said “We are delighted and very proud to have this opportunity to run An Taibhdhearc and be part of what is a very innovative approach by the board. An Taibhdhearc has a strong brand and is one of the best venues in the country in a prime location in Galway city. Theatre and the Arts will see many challenges in the coming years but we believe there is huge potential for this theatre space in the years ahead. With this in mind, we are looking forward to working with the creative community in Galway and in the rest of the country.”

With this fresh optimism, Fíbín and An Taibhdearc have a huge opportunity to play a strong role in the arts sector in Ireland. In the coming months, Fíbín will be focusing on building a strong team and will be hiring a wide range of people to fulfil its needs and programme. Once they have this team in place it will announce its programme and plans for the future.

Philip Doherty, Fíbín Artistic Director said “An Taibhdhearc le Fíbín will create a dynamic home for artists working in the Irish language, whether undiscovered, emerging or established. While building on and celebrating the rich culture of An Taibhdhearc, Fíbín will bring a fresh new energy to the space, cultivating and supporting new voices, presenting new stories, embracing new performance ideas, and from the heart of one of the greatest arts cities in the world, be a springboard for electrifying, original theatre throughout Ireland, and abroad.’

Fíbín is very grateful for the support it has received from the Minister for Arts ,Catherine Martin, and the department for its support and recognition of Fíbín. They would especially like to thank the funders who have supported Fíbín in the last 17 years, in particular, Ealaíon na Gaeltachta, Foras na Gaeilge and the Arts Council of Ireland. Lastly, the Board of each organisation, Fíbín and An Taibhdhearc, deserve much praise for supporting and enacting this very exciting and innovative approach to theatre venue management.