T: 091 505855

Fíbín Media: eolas@fibinmedia.com

Fíbín sa Taibhdhearc – Folúntas: Teicneoir Amharclainne

  /  Fíbín Teo   /  Fíbín sa Taibhdhearc – Folúntas: Teicneoir Amharclainne

Teicneoir Amharclainne

Tá stiúir á glacadh ag an gcompántas drámaíochta Fíbín ar An Taibhdhearc (Amharclann Náisiúnta na Gaeilge) ar feadh tréimhse trí bliana. Tá sé i gceist ag Fíbín straitéis ealaíne uaillmhianach a fhorbairt don amharclann agus todhchaí rathúil a chothú do dhrámaíocht na Gaeilge.

Cuirfear fáilte roimh Theicneoirí Amharclainne iarratas a chur isteach ar phost le Fíbín Teo. agus croífhoireann á cur le chéile acu. Is é an Luan 12 Iúil 2021 ag 5pm an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.

Glacfar le hiarratais ó iarrthóirí a bhfuil oiliúint agus cáilíochtaí cuí acu, chomh maith le taithí ag obair sa réimse seo.
Beidh an té a cheapfar freagrach as:

• An obair theicniúil ar fad a bhaineann leis an amharclann.
• Riachtanais theicniúla na léiriúchán a chomhlíonadh.
• Comhordú a dhéanamh nuair atá an amharclann in úsáid ag grúpaí seachtracha.
• Cothú agus cóiriú threalamh na hamharclainne.

Ní liosta iomlán dualgas é seo. Tá tuilleadh eolais ar dhualgais an phoist le fáil ag: eolas@fibin.com

Tá cumas sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.

Seol CV chuig eolas@fibin.com, le ‘TEICNEOIR’ sa bhosca ábhair.

Tá Fíbín maoinithe ag An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; Foras na Gaeilge; An Chomhairle Ealaíon agus Ealaín na Gaeltachta.
Is fostóir comhdheiseanna é Fíbín.

Theatre technician.

The Irish-language theatre company, Fíbín Teo are taking over the running of An Taibhdhearc (the national Irish-language theatre) for a period of three years. Fíbín plans to develop an ambitious theatre program, one that will help nurture and develop Irish-language drama as a whole. As part of the plans, Fíbín wishes to put a team in place and invite application for the position of Theatre Technician.

Applications will be accepted from candidates who have the relevant training and qualifications as well as experience of working in a similar position.
The successful candidate will be responsible for:

• All the technical duties and requirements of the theatre.
• All the technical requirements of the company’s productions.
• Co-ordinating as regards technical issues with external groups who use the theatre
• Care, repairs and management of technical equipment and resources.

The above is not an exhaustive list of duties. Other tasks which are of a similar nature or level may be allocated. Further information on the role is available by request at: eolas@fibin.com

Tá cumas sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.

Send CV by email to: eolas@fibin.com, with ‘TEICNEOIR’ in the subject box before 17.00, Monday 12 July, 2021.

Fíbín are funded by An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; Foras na Gaeilge; An Chomhairle Ealaíon agus Ealaín na Gaeltachta.
Fíbín is an equals opportunity employer.