Fíbín sa Taibhdhearc – Folúntas: Léiritheoir Amharclainne

Folúntas: Léiritheoir Amharclainne
Tá stiúir á glacadh ag an gcompántas drámaíochta Fíbín ar An Taibhdhearc (Amharclann Náisiúnta na Gaeilge) ar feadh tréimhse trí bliana. Tá sé i gceist ag Fíbín straitéis ealaíne uaillmhianach a fhorbairt don amharclann agus todhchaí rathúil a chothú do dhrámaíocht na Gaeilge.
Cuirfear fáilte roimh Léiritheoirí Amharclainne iarratas a chur isteach ar phost le Fíbín Teo. agus croífhoireann á cur le chéile acu. Is é an Luan 12 Iúil 2021 ag 5pm an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Is mian le Fíbín léiritheoir amharclainne lánaimseartha a fhostú mar chuid den phríomhfhoireann chun comhordú agus tacaíocht a thabhairt do thograí amharclannaíochta na Taibhdheirce, agus chun cabhrú leis An Taibhdhearc a bheith ar cheann de na hamharclanna is gníomhaí agus is iomráití sa tír. Tá amharclann le 155 suíochán mar aon le spásanna léiriúcháin agus caifé/beár san fhoirgneamh.
Príomhdhualgais
• Tograí amharclainne/ealaíne An Taibhdhearc a léiriú ar ardchaighdeán.
• Oibriú go dlúth leis an stiúrthóir ealaíne agus leis an bhfoireann chruthaitheach chun tacú le fís chruthaitheach na léirithe.
• Léirithe a phleanáil agus a threorú agus cinnte a dhéanamh go ndéanfar iad a rith go sásúil agus go héifeachtach.
• Bainistíocht ar bhuiséad agus smacht airgeadais ar na léirithe a chinntiú.
• Camchuairteanna na Taibhdheirce a eagrú agus a chomhordú.
Ní liosta iomlán dualgas é seo. Beidh tascanna eile den sórt nó den leibhéal céanna á n-éileamh ort. Tuilleadh eolas ar dhualgais an phoist le fáil ag: eolas@fibin.com
Tá cumas sa Ghaeilge riachtanach don phost seo. Tá láncheadúnas glan tiomána riachtanach freisin.
Seol CV ar ríomhphost chuig eolas@fibin.com, leis an teideal ‘LÉIRITHEOIR’ sa bhosca ábhair.
Tá Fíbín maoinithe ag An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; Foras na Gaeilge; An Chomhairle Ealaíon agus Ealaín na Gaeltachta.
Is fostóir comhdheiseanna é Fíbín.
Vacancy: Theatre Producer
The Irish-language theatre company, Fíbín Teo are taking over the running of An Taibhdhearc, (the national Irish-language theatre), for a period of three years. Fíbín plans to develop an ambitious theatre program, one that will help nurture and develop Irish-language drama as a whole. As part of the plans, Fíbín wishes to put a team in place and invite application for the position of Theatre Producer:
The Theatre producer will co-ordinate and support the delivery of theatre projects, and will help develop Fíbín sa Taibhdhearc as a prominent player in the Irish theatre sector. An Taibhdhearc has an 155 auditorium with a café/bar and smaller performance spaces.
This primary responsibility is to produce work to the highest artistic standards and to work closely with the artistic director in delivering productions of world-class excellence.
Main duties.
• To produce the productions and projects of Fíbín sa Taibhdhearc to the highest level.
• Co-operate with the artistic director and other creatives to ensure the artistic vision of the company is being achieved.
• Planning and management of all productions to ensure they are completed successfully.
• Management of budgets and finances associated with productions.
Co-ordinate and organise tours.
This job description is not an exhaustive list of duties. Other tasks of a similar nature or level form part of the employment. Further information on the role is available by request at: eolas@fibin.com
Tá cumas sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.
Send CV by email to: eolas@fibin.com, with ‘LÉIRITHEOIR’ in the subject box before 17.00, Dé Luain 12 July, 2021.
Fíbín are funded by An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; Foras na Gaeilge; An Chomhairle Ealaíon agus Ealaín na Gaeltachta.
Fíbín is an equal opportunity employer.