Fíbín sa Taibhdhearc – Folúntas: Bainisteoir an Chaifé/ Bheáir

Folúntas: Bainisteoir an Chaifé/Bheáir.
Tá stiúir á glacadh ag an gcompántas drámaíochta Fíbín ar An Taibhdhearc (Amharclann Náisiúnta na Gaeilge) ar feadh tréimhse trí bliana. Tá sé i gceist ag Fíbín straitéis ealaíne uaillmhianach a fhorbairt don amharclann agus todhchaí rathúil a chothú do dhrámaíocht na Gaeilge.
Chuige sin, tá croífhoireann láidir á cur le chéile ag Fíbín Teo. agus cuirfear fáilte roimh iarratais ar an bpost: Bainisteoir an Chaifé/Bheáir. Cuireann Fíbín fáilte roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil taithí acu ag bainistiú caifé nó beáir. Is é an Luan 12 Iúil 2021 ag 5pm an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Príomhdhualgais:
• Bainistiú ar gach gné den chaifé/bheár.
• Seirbhís chaifé/bheáir a chur ar fáil de réir sceideal na Taibhdheirce
• Bainistiú ar fhoireann an chaifé/bheáir agus an sceideal oibre a ullmhú.
• Seirbhís den chéad scoth a thabhairt do chustaiméirí na Taibhdheirce
• Eolas maidir le hioncam & caiteachas an chaifé/Bheáir a chur ar fáil go rialta.
• Cloí le polasaí sláinte agus sábháilteachta de réir na reachtaíochta reatha.
Ní liosta iomlán dualgas é seo. Beidh tascanna eile den sórt nó den leibhéal céanna á n-éileamh ort. Tuilleadh eolas ar dhualgais an phoist le fáil ag: eolas@fibin.com
Tá cumas sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.
Seol CV ar ríomhphost chuig eolas@fibin.com, leis an teideal ‘CAIFÉ’ sa bhosca ábhair.
Tá Fíbín maoinithe ag An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; Foras na Gaeilge; An Chomhairle Ealaíon agus Ealaín na Gaeltachta.
Is fostóir comhdheiseanna é Fíbín.
Vacancy: Café-Bar Manager
The Irish-language theatre company, Fíbín Teo are taking over the running of An Taibhdhearc, (the national Irish-language theatre), for a period of three years. Fíbín plans to develop an ambitious theatre program, one that will help nurture and develop Irish language theatre as a whole. An Taibhdhearc has an 155 auditorium and smaller performance spaces. The Café/bar is currently being developed.
As part of the plans, Fíbín wishes to put a team in place and invite application for the position of Café-Bar manager. It is hoped the Café-Bar Manager will help develop a successful and profitable café-bar. Applications are welcomed from people with experience in a similar role.
Duties include, but are not limited to:
• Management every aspect of the café-bar.
• Provide a café-bar service as per the schedule of An Taibhdhearc.
• Co-ordinate and manage the staff of the café-bar.
• Ensure a first-rate customer service for An Taibhdhearc’s clients.
• Provide regular information on budgets, income and expenditure relating to the bar.
The above is not an exhaustive list of duties. Further information on the role is available by request at: eolas@fibin.com
Tá cumas sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.
Send CV by email to: eolas@fibin.com, with ‘CAIFÉ’ in the subject box before 17.00, Dé Luain 12 July, 2021.
Fíbín are funded by An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; Foras na Gaeilge; An Chomhairle Ealaíon agus Ealaín na Gaeltachta.
Fíbín is an equal-opportunity employer.