T: 091 505855

Fíbín Media: eolas@fibinmedia.com

Éisteachtaí ag Oireachtas na Samhna

  /  Fíbín Media   /  Éisteachtaí ag Oireachtas na Samhna

Beidh éisteachtaí ar siúl againn ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne ar an 4 Samhain. Tá muid ag lorg daoine fásta chun Seó Cluichí a láithriú agus daoine óga chomh maith chun míreanna gearra a thaifead linn amach anseo. Buntáiste atá ann má tá cleas cóisire agat, bí ag cleachtadh!

Chomh maith leis sin, beidh Cúinne Spraoi á reáchtáil againn san áit chéanna. Beidh cluichí agus craic ann do dhaoine óga! Bí cinnte a bheith linn i Svuít 5, Leibhéal 1, INEC. Fáilte roimh chách!