T: 091 505855

Fíbín Media: eolas@fibinmedia.com

Cogadh na Saoirse

  /  Fíbín Teo   /  Cogadh na Saoirse

Cuirtear Michael, carachtar de chuid Cathleen Ní Houlihan, faoi gheasa ag an gceol agus é ag seasamh amach ón dráma le dul ag troid ar son shaoirse na hÉireann. Téigh ar aistear leis agus cuirfear colúin reatha, na Dúchrónaigh, an teach mór agus an teach tuaithe os do chomhair; ó chrá croí na coimhlinte go hidirbheartaíocht conartha i Londain. Cas leis na carachtair, éist lena scéalta. Beidh cuid den aicsean agat agus tú ag fáil léargas úr ar an tionchar a bhí ag an gcogadh orainn mar thír

Léiriú ilstáitse is ea Cogadh na Saoirse, a bhaineann úsáid as siamsaíocht phobal na linne. Bí ag súil le greann ilsiamsa, méaldráma, balbhscannán, nuachtscannáin, puipéadóireacht, drumadóireacht, ceol & damhsa traidisiúnta, ceoldráma agus go leor eile. Tá idir ghreann, bhrón, agus chrá croí le brath ann agus stíl fhísiúil, ildánach Fíbín le brath go láidir ann freisin. Bainfidh díoltas na nDúchrónach geit as an lucht féachana le ceoldráma uaigneach, ag teacht chun deiridh le léas dóchais i seomra boird i Londain.

Léiriú spleodrach, osréalach, uaillmhianach ón scríbhneoir/ stiúrthóir Philip Doherty. Ag tógáil ar an méid a baineadh amach leis na léirithe tarraingteacha Fiach agus Cath na Ceathrún Rua, bainfidh Fíbín, a bhfuil ardmholadh tuilte aige, leas as an spás ar leith atá aige i gConamara mar chúlra mar aon le ensemble mór d’aisteoirí chun a stíl léirithe nuálach a chur i láthair an lucht féachana.

Michael, a character from Cathleen Ní Houlihan, is seduced by song to step out of the play and help free Ireland in the War of Independence. We follow him into an imagined world, back in time, where settings like the big house, country hall, local pub, and fairground become stages for colourful characters to share their stories, and a panorama of perspectives of the war.

Cogadh na Saoirse is a multi-stage spectacle, using popular entertainments of the time, such as vaudeville comedy, melodrama, silent movie, newsreels, puppeteering, drumming, and traditional music and dance, to present an open-air experience that’s at times gut-wrenchingly funny, heartbreakingly sad, with jaw-dropping moments of visual theatre. The Black and Tans explosive revenge will shift everyone off course, through a haunting opera, finishing with a note of hope on a board-room table in London.

This is an ambitious, surreal and bombastic work from writer/ director Philip Doherty. Following on from the hugely successful Fiach and Cath na Ceathrún Rua, acclaimed theatre company Fíbín will again use Connemara as a stunning backdrop, and a large ensemble cast, performing in Irish, for their spectacular style of theatre, that is accessible to spectators with or without the language.