T: 091 505855

Fíbín Media: eolas@fibinmedia.com

News

  /  News

Tá lúcháir an domhain orainn Nuacht Cúla4, clár nuachta do pháistí, a bheith seolta againn. Á chur i láthair ag Aisling Ní Dhonnabháin agus Seán Ó Maoilchiaráin, cuirtear scéalta nuachta náisiúnta agus idirnáisiúnta ar fáil do pháistí. Is féidir breathnú ar an gclár nua seo ar an gcainéal teilifíse nua Cúla4 nó ar shuíomh gréasáin Cúla4.

Bhí an chéad Acadamh Fíbín againn an samhradh seo. An aidhm a bhí ag an dianchúrsa praiticiúil seo ba ea scoláirí a ullmhú d’obair sa tionscal. Múineadh, mar sin de, bunscileanna fuaime agus ceamara, léiriúcháin, stiúrtha agus eagarthóireachta. D’fhreastail Gaeilgeoirí ó fud fad na tíre ar an gcúrsa, le cuid acu ag aimsiú obair sa tionscal de bharr na

Rinne muid céiliúradh ar Chruinniú nan Óg 2023 i bPálás, i gcathair na Gaillimh i mí an Mheithimh. Cuireadh tús leis an gcéiliúradh le première den ghearrscannán Sean-Nós, arna léiriú do Fíbín Media i gcomhpháirtíocht le hÉire Ildánach agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán do TG4. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le

le Máiréad Ní Ghráda 2ú – 6ú Deireadh Fómhair An Taibhdhearc 10ú Deireadh Fómhair - 17ú Samhain Léiriúchán ar camchuairt Tá an comhlacht drámaíochta Gaeilge ar ais arís leis an chamchuairt náisiúnta meánscoile, dírithe ar churaclaim na hardteistiméireachta. An bhliain seo, cuireann an comhlacht aitheanta ‘An Triail’ ar stáitse. Seo leagan ar leith de ‘An Triail’ le Máiréad Ní Ghráda i

{:ga}Is é Fíbín an t-aon chomhlacht drámaíochta Gaeilge a théann ar camchuairt atá fágtha sa tír.  Tá Fíbín lonnaithe i gConamara ach é mar aidhm ag an gcomhlacht lucht féachana a aimsiú go hidirnáisiúnta, ní hamháin anseo in Éirinn. Tá Fíbín sa tóir ar dhuine spreagtha, le taithí ar a laghad 10 mbliana i gcúrsaí drámaíochta, duine fuinniúil agus thar a

{:ga} Tá  na scoileanna dúnta do shaoire an tsamhraidh agus an tonn teasa faoi lánseol ach tá Fíbín ag fáil faoi réir do dhá chamchuairt dírithe ar bhunscoileanna agus meánscoileanna amach san fhómhar. Tá Fíbín chun tabhairt faoin 12ú camchuairt den dráma Ardteiste 'An Triail' i mí Deireadh Fómhair agus beidh sé lá leiriú i 6 ionad mórthimpeall na tíre le linn

{:ga}Ar an Aoine 25 Bealtaine 2018, cuirfear i bhfeidhm an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Tá sé tábhachtach dúinn meas a léiriú do bhur sonraí. Tá muid ag tabhairt faoi chúpla céim chun a chinntiú go gcloíonn muid leis an rialachán nua seo de chuid an AE maidir le cén chaoi a stóráiltear agus a phróiseáiltear eolas pearsanta. Tá do chuid sonraí mar

{:ga}Cuirfear an léiriú deiridh de chamchuairt 'Tóraíocht' ar stáitse sa VISUAL i gCeatharlach tráthnóna anocht ag 8i.n - Ticéid le fáil ar 059 917 2400 - Bígí linn!! Tá lucht féachana i nGaillimh, i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath tar éis an-taitneamh a bhaint as seónna go dtí seo agus ardmholadh faighte ag an léiriú agus ag an

{:ga}An bhfuil bhur dticéid curtha in áirithe agaibh go fóill do mhórdhráma Gaeilge na bliana stiúrtha ag Mikel Murfi? Is gearr uainn an oíche oscailte in Amharclann Halla na Cathrach i nGaillimh agus tá an chliar agus an criú ag súil go mór leis an gcamchuairt náisiúnta. DÁTAÍ Amharclann Halla na Cathrach, GAILLIMH: 9 & 10 Aibreán, Guth: 091 569777 The Everyman,

{:ga}Tá Fíbín ag ceiliúradh 15 bliain ar an bhfód i mbliana agus muid ag tabhairt an dráma 'Tóraíocht' amach ar camchuairt náisiúnta i mí Aibreán mar chuid de chlár na bliana. Léireofar an dráma i nGaillimh, i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath agus i gCeatharlach. Seo leagan nua den scéal eipiciúil Fiannaíochta 'Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne', scríofa ag Philip