T: 091 505855

Fíbín Media: eolas@fibinmedia.com

{:ga}Camchuairt ‘Tóraíocht’ – Aibreán 2018!{:}{:en}’Tóraíocht’ Tour – April 2018!{:}

  /  News   /  {:ga}Camchuairt ‘Tóraíocht’ – Aibreán 2018!{:}{:en}’Tóraíocht’ Tour – April 2018!{:}

{:ga}Tá Fíbín ag ceiliúradh 15 bliain ar an bhfód i mbliana agus muid ag tabhairt an dráma ‘Tóraíocht’ amach ar camchuairt náisiúnta i mí Aibreán mar chuid de chlár na bliana. Léireofar an dráma i nGaillimh, i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath agus i gCeatharlach. Seo leagan nua den scéal eipiciúil Fiannaíochta ‘Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne‘, scríofa ag Philip Doherty agus stiúrtha ag Mikel Murfi.

Tá foireann cumasach de sheisear sa chliar, Gráinne Bleasdale, Méabh Ní Chualáin, Kate Finegan, Liz Fitzgibbon, Fionnuala Gygax, agus Seán T. Ó Meallaigh. Seisear aisteoirí a léiríonn breis agus tríocha carachtar, trí athrú isteach agus amach as maisc. Léiriú thar a bheith fisiciúil é ‘Tóraíocht’ le hathruithe sciobtha, fearais ollmhóra, maisc agus dreas damhsa aeróige álainn a bhainfeadh an anáil díot. Tá neart grinn sa chaint agus le linn an dráma le radharc an-bheoga, mothúchánach ag an deireadh.

Is annamh a fhaigheann comhlacht Gaeltachta an deis dul ar camchuairt náisiúnta agus tá muid ar bís go bhfuair Fíbín tacaíocht ón gComhairle Ealaíon i mbliana.

Cuir bhur dticéid in áirithe anseo. Tá léirithe speisialta le linn am scoile i ngach ionad chun freastal ar ghrúpaí scoile. Tá an seó feiliúnach d’aoisghrúpa 12 bliain d’aois ar aghaidh! Féach blaisín anseo den léiriú!{:}{:en}Fíbín is celebrating their 15th anniversary this year and are bringing our biggest production to date ‘Tóraíocht’ out on a nationwide tour in April as part of this year’s programme of events. The production will be staged in Galway, Cork, Dublin and Carlow.  This is a new version of the epic tale from the Fenian Cycle of Irish mythology ‘The Pursuit of Diarmuid and Gráinne’, written by Philip Doherty and directed by the renowned actor and director Mikel Murfi.

‘Tóraíocht’ will be performed by a cast of six comprising of Gráinne Bleasdale, Méabh Ní Chualáin, Kate Finegan, Liz Fitzgibbon, Fionnuala Gygax and Seán T. Ó Meallaigh. The ensemble of 6 actors portray over 30 characters with mask work. ‘Tóraíocht’ is a highly physical performance with quick changes, over-sized props, masks, and a breath-taking aerial routine. There is a great deal of humour in the story, in both the dialogue, and in the execution of the play with a very vivid, emotional closing scene.

Fíbín are delighted to have received touring funding from the Arts Council to undertake this tour as it’s very seldom Gaeltacht based companies get the chance to tour nationwide.

Book your tickets here. There are special matinée schools performances in each venue and the play is suitable for ages 12 upwards. Check out our Tóraíocht Promo Video here.

 {:}