Acadamh Meangadh Fíbín / Fíbín Skills Academy
Na hiarrthóirí
Beidh muid ag lorg cainteoirí Gaeilge, os cionn 18 bliain d’aois, a bhfuil suim acu post buan a bhaint amach in earnáil na teilifíse tar éis an chúrsa.
Beidh muid ag lorg daoine a bhfuil suim acu i gcúrsaí fuaime, ceamaradóireachta, eagarthóireachta, léiritheoireachta, stiúrtha, láithreoireachta, iriseoireachta, soilse, agus aistriúcháin. Níl gá aon taithí ná cáilíocht a bheith acu go dtí seo, mar go gcuirfear oiliúint iomlán ar fáil le linn an chúrsa.
An Cúrsa
Beidh muid ag obair le Gréasán na Meán chun tacaíocht airgeadais a fháil don chúrsa seo agus chun an cúrsa féin a leagan amach idir ábhar, fad an chúrsa, agus méid daoine chun go mbeidh struchtúr foghlama ann agus taithí mhaith á fáil ag na daoine faoi oiliúint.
Tosóidh gach duine ar an gcúrsa seo ar an lá céanna. Bheadh sé i gceist againn ní ba mhó ná duine amháin a bheith i ngach rannóg, ag roghnú an duine is fearr ag deireadh an chúrsa le post buan a thabhairt dóibh ar Scéal 4.
Le freastal ar an ardú ‘táirgeachta’ a bheas le teacht le cainéal nua Cúla4, is deis iontach é seo chun daoine nua le smaointe nua a mhealladh chuig an earnáil, ní amháin do Fíbín Media ach don earnáil i gcoitinne.
Ní bheidh ar rannpháirtithe an chúrsa táillí a íoc agus clúdófar lóistín agus bia mar chuid den chúrsa.
Imlíne an chúrsa
Is é aidhm an chúrsa seo go mbeidh rannpháirtithe an chúrsa ag fáil taithí phraiticiúil sa chaoi go mbeidh siad in ann post lánaimseartha a bhaint amach ag deireadh an chúrsa seacht seachtaine.
Clúdófar gach gné de léiriúchán. Ina measc, tá léiritheoireacht, stiúradh, ag glacadh nótaí agus ag cur nótaí i bhfeidhm, fuaim ar láthair agus sa stiúideo, meascadh fuaime, eagarthóireacht agus ag réiteach ábhar le seachadadh do chraoltóirí.
Is é an aidhm go mbeidh idir triúr agus ceathrar i ngach roinn agus go mbeidh post buan curtha ar fáil do dhuine dóibh sin ar Scéal 4 ó mhí Lúnasa ar aghaidh m.sh. Innealtóir fuaime, Ceamaradóir, Eagarthóir srl. Rachaidh sé seo chun tairbhe don tionscal níos leithne sa réigiún freisin mar is féidir leo siúd nach n-éiríonn leo post a bhaint amach le Fíbín Media post a lorg i gcomhlachtaí eile atá ag déanamh cláir as Gaeilge do TG4. Dírithe go sonrach ar ábhar do dhaoine óga, is cur chuige níos spriocdhírithe é Acadamh Scéal 4, a thabharfaidh aghaidh ar an nganntanas criú agus tallainne ar an scáileán agus taobh thiar den cheamara do chláir do dhaoine óga as Gaeilge.
Briseadh síos an chúrsa – Seachtain 1
- Léargas ginearálta ar na ranna go léir agus plé ar an tionchar a bhíonn ag cinntí a dhéantar i ngach roinn ar ranna eile
- Modúl- Ag obair le Daoine Óga
- Modúl Léiriúcháin Inbhuanaithe – modúl go sonrach ar léiriú a dhéanamh níos inbhuanaithe, ag míniú conas teacht ar bhealaí níos inbhuanaithe chun cláir theilifíse a dhéanamh
- Próiseas roghnúcháin na n-iarrthóirí chun na daoine is oiriúnaí a chur isteach sna ranna éagsúla
Seachtain 2
- Beidh deis ag na hoiliúnaithe a bheith ar an seit don tseachtain ar fad le linn dúinn clár a thaifeadadh do dhaoine óga.
Seachtain 3 & 4
- Daoine faoi oiliúint – ag obair sna grúpaí a roghnaíodh ag deireadh sheachtain 1 (léiritheoirí, eagarthóirí, innealtóirí fuaime agus ceamara, srl)
- Oibreoidh léiritheoirí le chéile chun coincheap le haghaidh clár nua a chumadh agus a léiriú. Oibreoidh siad ar bhileoga sceidil agus ar na nithe a bheidh le déanamh le linn sheachtain 4.
- Déanfaidh na heagarthóirí píosa scannáin a chur in eagar agus tabharfar treoir dóibh maidir le luas agus cur chuige, agus conas ceol a roghnú do chláir do pháistí srl.
- Beidh léiritheoirí ag cur ábhar an chláir stiúideo le chéile
- Déanfaidh na léiritheoirí athbhreithniú ar na píosaí scannáin agus ag tabhairt nótaí do na heagarthóirí
- Oibreoidh na léiritheoirí le dearthóirí grafaicí chun grafaic a dhearadh don chlár, lena n-áirítear seichimh oscailte agus deiridh, stoingí agus strapaí atá oiriúnach do chláir do leanaí.
Seachtain 5
- Beidh seachtain 5 á caitheamh sa stiúideo – agus beidh na Cinn Roinne agus rannpháirtithe an chúrsa ag taifeadadh gnéithe stiúideo an chláir.
Seachtain 6
- Gheobhaidh eagarthóirí píosaí scannáin ón stiúideo go laethúil agus déanfaidh siad eagarthóireacht ar na cláir le chéile agus tarraingeofar le chéile an clár iomlán nuachta, le grádú agus meascadh déanta air.
- Déanfar ábhar margaíochta agus an páipéarachas ábhartha eile de chuid TG4 a tháirgeadh
- Déanfar athbhreithniú ar gach gné de na 7 seachtaine roimhe sin agus cuirfear oiliúint bhreise ar na rannpháirtithe mar is gá
- Beidh rannpháirtithe le roghnú agus déanfar poist lánaimseartha a thairiscint dóibh le Fíbín Media.