T: 091 505855

Fíbín Media: eolas@fibinmedia.com

December 2022

  /  2022

https://youtu.be/RSsv_jhZX0s Seoladh stiúideo léiriúcháin nua, úrscothach Fíbín Media go hoifigiúil Dé Céadaoin, an 7ú Nollaig. Ba iad Láithreoir TG4 agus Ceannasaí Léiriúcháin Fíbín Media Máire Treasa Ní Dhubhghaill, agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Fíbín Media Darach Ó Tuairisg, a sheol an stiúideo nua i gcroílár Chonamara, ar an Tulaigh i gCo. Na Gaillimhe.  Tháinig slua breá chuig an seoladh. Bhí caint, craic

Post Eagarthóireachta (Video Editor) Tá Meangadh Fíbín, comhlacht léiriúcháin Teilifíse atá bunaithe i gConamara, ag lorg iarratais ar phost mar Eagarthóir, ar bhonn lánaimseartha. Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil suim acu sa scéalaíocht chruthaitheach agus ar mhaith leo a bheith ag obair i dtimpeallacht oibre chruthaitheach agus chomhoibríoch. Príomhscileanna: - Ard-Dioplóma sa Teilifís agus Léiriú na Meán nó a choibhéis -

Tá rannpháirtithe á lorg againn chun páirt a ghlacadh i Seó Cluichí Aicsin. Beidh an clár bunaithe ar an aimsir, agus beidh dúshláin le sárú ag na rannpháirtithe i dteannta leis an mbeirt láithreoirí, Tintreach agus Toirneach.  Tá rannpháirtithe á lorg againn chun páirt a ghlacadh sa chlár, idir 7-8 mbliana d'aois (rang a dó/ rang a trí). Ba

Beidh éisteachtaí ar siúl againn ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne ar an 4 Samhain. Tá muid ag lorg daoine fásta chun Seó Cluichí a láithriú agus daoine óga chomh maith chun míreanna gearra a thaifead linn amach anseo. Buntáiste atá ann má tá cleas cóisire agat, bí ag cleachtadh! Chomh maith leis sin, beidh Cúinne Spraoi á

Tá muid ar bís ainmniúchán a fháil do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana sa chatagóir 'Sraith Teilifíse na Bliana.' Bronnfar na Gradaim Chumarsáide ag searmanas speisialta a bheidh ar siúl ag Oireachtas na Samhna. Beidh an searmanas ar siúl Dé Céadaoin, 2 Samhain 2022. Go n-éirí an t-ádh leis na hainmnithe ar fad!

Tá Fíbín Media ag déanamh sheó cluichí aicsin do TG4. Is í an aimsir téama an chláir, agus beidh neart dúshláin aimsire le sárú ag na daoine óga i dteannta leis an mbeirt láithreoirí, Tintreach agus Toirneach. Tá rannpháirtithe ó chlubanna óige Gaeilge á lorg againn chun páirt a ghlacadh sa chlár, idir 7-8 mbliana d'aois. Ba mhaith linn lucht féachana

Tá muid sa tóir ar Láithreoir do chlár Nuachta nua. Má tá suim agat sa Nuacht agus tá post mar láithreoir uait, déan teagmháil linn! Cuirfear fáilte roimh chách cur isteach ar an deis seo. Is féidir CV agus físeán díot féin a sheoladh chugainn ag eolas@fibinmedia.ie. Sprioc: 1 Lúnasa 2022    

Tá muid sa tóir ar láithreoir do sheó cluichí úrnua! Teastaíonn duine uainn atá bríomhar, muiníneach agus cainteach chun an clár a chur i láthair. Is féidir cur isteach ar an phost trí CV agus físeán a sheoladh chuig eolas@fibinmedia.ie. Sprioc: 25 Iúil 2022.

Tá Fíbín Media ag taifeadadh 'Is Mise,' sraith 2. Tá muid ag lorg daoine óga le bheith ina réaltaí ar an chlár. Má tá tú idir aois 6-10, agus má tá suim agat a bheith ar an teilifís, seol físeán chugainn ag eolas@fibinmedia.ie nó ar WhatsApp ar 085 1389582! Sprioc: 18 Iúil 2022. Lean na treoracha thíos chun físeán

Tá muid ar an mbóthar arís agus ag filleadh ar Bhaile Bhuirne! Má tá suim agat a bheith i d'aisteoir, seo do dheis! Tá muid ag taifeadadh cartún nua i nGaeilge na Mumhan agus ba mhaith linn dá mbeifeá páirteach ann. Bí linn san Ionad Cultúrtha ar an 8 Iúil! Má theastaíonn níos mó eolais uait, déan teagmháil