{:ga}D'fhógair Fíbín an tseachtain seo caite go bhfuil muid ar ais le léiriú nua stáitse eile 'Mac an Bheatha' faoi stiúir Philip Doherty agus ná déanaigí aon mhoill ag cur bhur dticéid in áirithe mar tá teorann leis an líon ticéid a bheidh ar fáil. Tá an seó ag oscailt i gConamara an Satharn beag seo sula dtugann
{:ga}Tá Fíbín ag cur an dráma Macbeth le William Shakespeare ar stáitse ag deireadh na míosa. ‘Mac an Bheatha’ an t-ainm atá ar an leagan misniúil seo atá á stiúradh ag Philip Doherty. Beidh sé seo ar an tríú dráma atá léirithe ag Fíbín ag an gceanncheathrú nua in Indreabhán ó d’oscail muid a ndoirse i mí Lúnasa na
San insint seo ar scéal Shakespeare, tagann scata fíor-náisiúnaithe foréigneacha le chéile i gclub oíche faoi rún don scéal seo faoi dhúnmhárú, ciontacht agus díoltas a léiriú. Seo hé Macbeth á shamhlú as an nua ag Fíbín mar ghig ina dtumtar an lucht féachana isteach i domhan uaillmhianach gan dlí, áit nach labhraítear ach Gaeilge amháin. Le tairngreachtaí triúr
{:ga} Tá Fíbín chun mórléiriú lasmuigh ina spás nua buan ar an Tualch a stáitsiú ar an gCéadaoin 21 Lúnasa le linn ócáid cheiliúrtha oscailt oifigiúil na n-oifigí nua. Seo seó scríofa agus stiúrtha ag stiúrthóir ealaíne nua Fíbín, Philip Doherty faoi ‘Cath na Ceathrún Rua’. Seó atá bunaithe ar fhíorscéal a thit amach sa mbliain 1880, uair ar
{:ga}Tá Fíbín ag léiriú dráma amuigh faoin aer i mí Lúnasa agus tá muid ag lorg 100 duine le bheith páirteach sa léiriú stairiúil seo faoi Chath na Ceathrún Rua, scéal faoin gcéad uair ar éirigh le pobal stop a chur le díshealbhú na ndaoine i mí Eanáir 1880. Tá aisteoirí & daoine gan aon taithí aisteoireachta ag teastáil
{:ga}Aisteoirí óna cumainn drámaíochta áitiúla agus aon duine eile on bpobal ag teastáil do léiríu nua ‘Cath na Ceathrún Rua’ le Fíbín . Dráma nuabhunaithe é faoi theip ar dhíbirtí a tharla ar an gCeathrú Rua i mí Eanáir 1880, eachtra fíorthábhachtach i gCogadh na Talún. Tá Fíbín ag cuardach ceoltóirí, amhránaithe agus aisteoirí as na cumainn drámaíochta áitiúla i
{:ga}Tá stiúrthóir ealaíne nua fostaithe ag Fíbín, an t-aon chomhlacht drámaíochta Gaeilge a théann ar camchuairt atá fágtha sa tír. Tá an-áthas orainn a fhógairt go bhfuil Philip Doherty, fear de bhunaidh bhaile an Chabháin le taithí na mblianta i gcúrsaí drámaíochta tagtha ar bord chun Fíbín a stiúraigh i bhforbairt drámaí Gaeilge agus iad a thabhairt ar camchuairt, ní hamháin
{:ga}Ceiliúradh é ‘Lóchrann Chonamara’ ar Oíche Fhéile tSin Sheáin, a chuirfidh atmaisféar i láthair mar a bhíodh ag féile ársa i lár an tsamhraidh. Athróidh an ceantar thart timpeall ar An Teach Dóite isteach ina fhéasta lán de chultúr na hÉireann, agus mar bhuaicphointe lasfar tine chnámh. Beidh tine, bia, ceol, damhsa agus mórócáid amharclannaíochta ar siúl mar chuid den oíche
{:ga}Is é Fíbín an t-aon chomhlacht drámaíochta Gaeilge a théann ar camchuairt atá fágtha sa tír. Tá Fíbín lonnaithe i gConamara ach é mar aidhm ag an gcomhlacht lucht féachana a aimsiú go hidirnáisiúnta, ní hamháin anseo in Éirinn. Tá Fíbín sa tóir ar dhuine spreagtha, le taithí ar a laghad 10 mbliana i gcúrsaí drámaíochta, duine fuinniúil agus thar a