Preaseisiúint – ‘Mr. Mender and the Chummyjiggers’

Home Preaseisiúint – ‘Mr. Mender and the Chummyjiggers’

website

Preaseisiúint – ‘Mr. Mender and the Chummyjiggers’

An bhfuil tú in ann cúnamh a thabhairt do Mr. Mender a Thrunc Bréagáin a líonadh?

 

Tá ríméad an domhain ar an gcomhlacht léiriúcháin teilifíse i nGaillimh, Meangadh Fíbín, a bheith ag léiriú sraith réamhscoile 26 clár do RTÉjr. Tá ‘Mr. Mender and the Chummyjiggers’ scríofa ag Muireann Ní Chíobháin agus Emma Hogan agus tá an tsraith suite i siopa bréagáin draíochta Mr. Mender. Líonfar siopa bréagáin Mr. Mender agus an seit le bréagáin atá briste agus deisithe.

 

D’fhéadfaí do chuid seanbhréagáin a úsáid chun seit an chláir a mhaisiú. Má tá tú ag iarraidh fáil réidh le seanbhréagáin nó bréagáin atá briste agus baile nua a thabhairt dóibh, leag isteach iad le do thoil ag Stiúideo Telegael, Baile na hAbhann, An Tulaigh, Co. na Gaillimhe ar an Satharn 29ú Aibreán idir 10r.n agus 4i.n.

(Nóta: ní féidir linn a chinntiú go mbeidh na bréagáin uile a leagtar isteach le feiceáil ar seit an chláir)

 

 

CRÍOCH      CRÍOCH      CRÍOCH      CRÍOCH      CRÍOCH      CRÍOCH

 

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le:

 

Caitlín Nic Dhonnacha,

Bainisteoir Margaíochta,

Meangadh Fíbín,

Na hAille,

Indreabhán,

Co. na Gaillimhe.

T: +353 91 505855

M: +35387 6988065

E: margaiochtfibin@gmail.com

W: www.fibinmedia.ie

 

f m

© Fíbín Media 2016 - Dearadh Gréasáin / Designed by Aoife Kelly