Meangadh Fíbín ag léiriú sraith nua ‘Lá le Mamó/Daideo’

Home Meangadh Fíbín ag léiriú sraith nua ‘Lá le Mamó/Daideo’

Meangadh Fíbín ag léiriú sraith nua ‘Lá le Mamó/Daideo’

Tá Meangadh Fíbín ag lorg rannpháirtithe do shraith nua do ghasúir a bheidh le craoladh ar Cúla 4 ar TG4 amach anseo.

Tá muid sa tóir ar thallann sna Gaeltachtaí, cainteoirí Gaeilge dúchasacha. Is éard atá i gceist leis an gclár nua ná go dtiocfadh duine den gharchlann (buachaill nó cailín idir 4-8 mbliana d’aois) ar cuairt chuig a Mamó/Daideo agus beidh sé/sí ag caitheamh an lae ina gcomhluadar. An bhfuil gníomhaíocht/caitheamh aimsire éigin a dhéanann tú le do Mhamó/Daideo a thaitníonn go mór leat? Má tá ba bhreá linn an caidreamh seo a léiriú ar an scáileán. 

Rannpháirtithe atá uainn atá breá cainteach agus féinmhuiníneach ar an scáileán agus beidh blaiseadh de chanúint na nDéise, na Mumhan, Dhún na nGall, Ráth Chairn, Mhaigh Eo agus Chonamara le cloisteáil sa tsraith.

Mar gheall ar an líon mór iarratais a thagann isteach ní bheidh muid i dteagmháil ach amháin leis na rannpháirtithe a n-éiríonn leo páirt a bhaint amach sa tsraith.

Gach eolas eile thíos

 

f m

© Fíbín Media 2019 - Dearadh Gréasáin / Designed by Aoife Kelly