Is Eolaí Mé ag tosú ar Cúla 4 amárach!

Home Is Eolaí Mé ag tosú ar Cúla 4 amárach!

Is Eolaí Mé ag tosú ar Cúla 4 amárach!

Tá muid ar bís anseo agus ‘Is Eolaí Mé’, sraith nua eolaíochta dírithe ar dhaoine óga ó 8-12 bliain d’aois ag tosú ar Cúla 4 tráthnóna amárach ag 5.25i.n! Beidh an clár á chraoladh gach Máirt agus Déardaoin ag 5.25i.n as seo go mí na Nollag. Beidh an clár ar fáil ar sheinnteoir TG4 www.tg4.tvchomh maith a bheidh an-úsáideach sa rang. Seolfar an suíomh gréasáinwww.cula4.com/Iseolaime amárach chomh maith agus beidh eolas le fáil ansin faoin mír ‘Déan é seo sa Bhaile’ agus gach ní eile faoin gclár.

Tugann “Is Eolaí Mé” léargas físiúil agus taitneamhach ar an eolaíocht agus ar an timpeallacht. Tá rannpháirtíocht ó dhaoine óga ó chuile chearn den tír sa tsraith seo agus iad ag baint triail as turgnaimh eolaíochta agus ag tabhairt cuairte ar ionaid eolaíochta ar fud na tíre ar nós Réadlann na Dúcharraige, W5 Béal Feirste, Caisleán Bhiorra agus Tochailt Seandálaíochta i mBaile Átha Troim.

Tosaíonn gach clár sa saotharlann, áit a gcuireann an láithreoir Peadar, téama an lae faoi bhráid an lucht féachana. Tugann  ‘IS EOLAÍ MÉ’léargas taitneamhach agus greannmhar ar na hábhair atá faoi chaibidil sa churaclam. Díríonn gach clár ar ábhar amháin ar nós SOLAS, DOMHANTARRAINGT, AN GRIANCHÓRAS & srl.

Tá aíonna óga i ngach eagrán ag cabhrú le Peadar sa stiúideo agus iad i mbun turgnaimh spleodracha agus iad ar an láthair freisin le Peadar agus Úna ag taifeadadh fuaimeanna ialtóga, ag seoltóireacht, ag treodóireacht agus go leor leor eile.

Is í príomhaidhm na sraithe ná an lucht féachana a tharraingt ar ais i dtreo na mbunphrionsabail eolaíochta, ábhair a láimhseáil, ábhair a dhearadh, triail a bhaint as turgnaimh agus an timpeallacht mórthimpeall orthu a fhiosrú.
Faigh blaiseadh beag anseo.

Scaipigí an scéal i measc bhur ranganna le bhur dtoil!!

f m

© Fíbín Media 2016 - Dearadh Gréasáin / Designed by Aoife Kelly