ÉISTEACHTAÍ Á REÁCHTÁIL AG MEANGADH FÍBÍN

Home ÉISTEACHTAÍ Á REÁCHTÁIL AG MEANGADH FÍBÍN

ÉISTEACHTAÍ Á REÁCHTÁIL AG MEANGADH FÍBÍN

Ar mhaith leat a bheith ar an gcéad réalt nua teilifíse?

 

Tá tallann nua don scáileán á lorg ag Meangadh Fíbín le haghaidh sraith shiamsúil nua teilifíse dírithe ar leanaí réamhscoile. Tá ceathrar laithreoirí, meascán cailíní agus buachaillí óga ag teastáil uainn chun dul ar eachtraí spraíúla mórthimpeall na tíre. Tá 52 clár uile sa sraith mar sin beidh 13 clár an duine ag gach láithreoir. Níl aon leithscéal agaibh agus sibh ar saoire faoi láthair! Tá daoine óga breá cainteach, muiníneach agus fuinniúil ag teastáíl don ról. Beidh 2-3 seachtainí taifeadadh sa samhradh i gceist.

 

Más buachaill nó cailín tú idir 6-12 bliain d’aois ba bhreá linn dá ndéanfá éisteacht dúinn. Roghnófar buachaill nó cailín amháin as an taobh seo tíre agus as na cúigí eile nuair a rachaidh muid mórthimpeall na tíre ag déanamh éisteachtaí. Tar chomh fada linn i Seanscoil Sailearna Dé hAoine 6ú Aibreán ón 6:30-8:00 sa tráthnóna.

 

Reáchtáil Meangadh Fíbín éisteachtaí ag an Oireachtas i gCill Airne anuraith agus d’éirigh go hiontach leo. Cuirfear fáilte roimh dhaoine óga le taithí asteoireachta ach níl sé riachtanach.

 

Bí i dteagmháil le Meangadh Fíbín le haghaidh tuilleadh eolais 091-505855/kathleen@fibinmedia.ie

 

 

f m

© Fíbín Media 2017 - Dearadh Gréasáin / Designed by Aoife Kelly